Friday 28 March 2008

Ó Searcaigh Interview: Agallamh Cuid 3: Part 3

This part 3, the final part of a transcript I made from the Raidió na Gaeltachta interview with Cathal Ó Searcaigh (26 March 2008). I haven't gotten around to writting up a translation yet.


Part 1 is here and part 2 here
Cuid 1 anseo agus cuid 2 anseo

ANC: Ins an scannán seo a Chathail, taispeántar thú ag ceannach rothair, anois an gceannaíonn tú mórán rothar nó ab e sin píosa a rin tú don cheamara?


COS: A bhuel, ceannaím rothair, mar tá rothair iontach áisiúil ag daoine ansin agus iad ag gabháil go dtí an colaiste, go leor acu tá siad píosa ón áit a bhfuil siad ag freastal ar scoilteacha agus ar choláistí agus mar sin de ach, ceannaím leabhair, agus ceannaím éadach, is tacaíocht iomlán atá ann. seo rudaí a bhfuil ga acu leis, éadach, leabharthaí, costaisí scolaíochta, costaisí ospidéil agus iad tinn, costaisí b'fhéidir atá ag a dteaghlach fosta. Nuair a thosaíonn tú ag tabhairt tacaíochta do dhuine, is tacaíocht é a leathnaíonn amach, ach shílfeá ón scannán nach bhfuil mé ach ag tabhairt rothar agus go bhfuil mé ag tabhairt an rothair go díreach ar mhaithe liom féin le míúsáid agus le mísbhuntáiste a ghlacadh ar an duine, anois, ins an chás áirithe sin tá mé ag ceannach rothair do Narang Panth. Tá caidreamh agam le Naranh i rith an ama. Tá seisean ins an scannán, agus fíorthábhachtach ins an scannán, ach caithfidh mé a dhearbhú agus tá sé dearbhaithe aigesean go bhfuil an gaol atá eadrainn iontach dlúth agus tá an gaol sin ann go fóill agus mé ag tabhairt tacaíochta dó, lán-tacaíochta dó.. á...ón scannán shílfeá go raibh caidreamh collaí, caidreamh gnéasúil agam ar siúl agam le achan duinne agus níl sin fíor ar chor ar bith.

ANC: Tá rud eile le sonrú sa scannán seo a Chathail, agus sé sin easpa mná, níl mná ar bith le feiceáil, tá beirt bhan ann, agus sin a bhfuil de mhná le feicáil... an mbíonn tú ag cur cuidiú ar fail do mhná?

COS: An cultúr atá i Nepal, tá sé iontach deacair ag duine as an iarthar a bheith i gcuideachta mhná Nepal. Tá mé ag tabhairt tacaíochta do mhná go leor, tá mé ag tabhairt tacaíochta do theaghlaigh, agus ins na teachlaigh sin, tá mná - máithreacha, deirfiúracha, mná céile. Níl sin feicthe ar chor ar bith ins an scannán. Dár ndóigh tá an scannán teoranta, ní thig a ghabháil isteach agus achan gné a léiriú ach tá, agus tá gaol, agus gaol láidir agam le go leor mná i Nepal. Dár ndóigh tá máthair ag Prem, tá máthair ag Santaram, bhí muid i dtithe s'acusan agus níl trácht beag ná mór, níl caint ar bith leosan. Shílfeá nach bhfuil máthair ar bith acu. Dár ndóigh caithfidh tú tuigmheáil ó thaobh chultúr Nepal de, go bhfuil sé iontach deacair ag mná bheith i mo chuideachta os rud é gur as an iarthar mé. Tá sé deacair ag fir Nepal bheith i gcuideachta mná. Na cleamhnais ar fad atá ann, na póstaí ar fad atá ann, is cleamhnais atá ann - eagraitear iad. Tá an deacracht sin ann agus sin an fáth nach bhfeiceann tú mna agus cailíní óga in éineacht liom agus mé taobh amuigh den ostán.

ANC: A Chathail, théith tú, d'imigh tú, chuaigh tú i bhfolach sular taispeánadh an scannán ar fad. Anois, cén fáth go ndearna tusa sin mar is duine láidir go leor thú, ní bhíonn, seasann tú leis an fhírinn, ní bhíonn eagla ar bith ort an mhórchuid den am, ach an iarraidh seo sular taispeánadh an scannán seo d'imigh tú as radharc agus ní fhacthas tú ó sin.

COS: Bhuel cuireadh comhairle orm, chuir mo dhlíodóir comhairle orm gur chóir dom fanacht amach as. Dar leisean dá mbeinn istigh i gcroílár an scannail sin ar fad go mbainfí mí-úsáid as mo chuid focla, agus bhainfí dár ndóighe, ní raibh na meáin chumarsáide, na páipéir laetha sin ar fad ach ag lorg seans ráiteaisí a fháil agus cásadh a bhaint as, agus corr a chur ins an chaint sin agus sílim go raibh an ceart aige, go díreach go bhfanochainn amach as, ní a mo sheachnadh atá mé, ní i bhfolach atá mé, ach tá mé go díreach fanaithe amach as, go dtí go dtiocfaidh an t-am go mbeidh deis agam mé féin a chur i láthair i gceart.

ANC: Tháinig Prem agus gasúir eile go hÉirinn agus fuair tú VISAs daofa agus bhí deacrachtaí go leor agat VISAs a fhail, anois, cad chuige a tugadh na fir óga sin as Nepal go Gort a' Choirce, goidé a bhí ag gabháil ar aghaidh?

COS: Dár ndóighe thug mé Prem go hÉireann, thug mé Prem, thug mé Santaram ,thug mé Ram Presad Sampada go hÉirinn, deis iontach a bhí ann daofa a theacht go hÉirinn a fáil amach goidé an dóigh a bhfuil mise beo i mo shaol féin, fáil amach goidé atá cultúr agus tír na hÉireann cosúil leis. Fuair mé VISA do Phrem, fuair mé VISA do Santaram Sakota, fuair mé VISA do Ram Presad Sampada. Tháinig siad agus d'fhan siad liom i Mín a Léith, seo b'fhéidir an ceathrú huair do Phrem a bheith in Éirinn, an triú huair do Santaram. Tá siadsan iontach sásta bheith ag teacht go Éirinn, meas agus ómos acu ar an tír seo. Chabhraigh sé go mór leo theacht anseo, deis iontach oideachais a bhí ann daofa ar fad, agus tá sé sin le feiceáil anois, déarfaimis i gcás Phrem an dóígh go dtig leis seasadh suas ar a chosa féin, aghaidh a thabhairt ar phobal agus labhairt amach go hard agus go hoscailte mar a rinne sé ag press-agallamh agus mar atá déanta aige ó tháinig sé go hÉirinn agus é i dteannt a liomsa ag léitheoireachtaí filíochta agus ag léachtaí.Mar an gcéanna le Santaram. Sílim go dtug na turais sin go hÉirinn féin-mhuinín daofa. Thug mé iad ar mhaithe leotha féin, anois táthar a chur i mo leith gur ar mhaithe le cúrsaí gnéis agus ar mhaithe le sin agus seo a thug mé iad. Caithfidh mé a admháil nach raibh caidreamh gneis de chineál ar bith agam le duine ar bith acu seo.

ANC: An raibh tú buartha a Chathail gur tharla seo ar fad, an bhfuil tú iontach buartha?

COS: Dár ndóighe tá mé buartha. ach níl smacht dá laghad agam ar an rud a tharla. Tharla sé sin taobh amuigh domh, thug mé cuireadh do dhaoine scannán a dhéanamh ar mo shaol agus tugtar léiriú atá iontach mí-chothrom orm agus dá bharr sin cothaitear an scannail seo ar fad agus tá an scannail sin ag méadú agus ag gabháil ar aghaidh, agus mo chairde i Nepal tarrnaithe isteach ann agus cuireann sé sin as domh go mór - an dochar atá déanta daofa-san, an dochar atá déanta do dhaoine aonaracha agus do thaghlaigh. Tá an oireadh sin báidh acusan liomsa, tá siad anois faoi bhrú de bharr go bhfuil mise faoi bhrú, tá eagla orthu goidé a tharlochas domh san am atá le theacht agus tá mé iontach buartha faoi s'acusan.

ANC: Agus an mbeidh tú ag gabháil ar ais go Nepal a Chathail, an mbeidh tú ag leanstan ar aghaidh ag cur tacaíochta airgid ar fáil daofa. An dtig leat a ghabháil ar ais nó goidé mar atá an scéal?

COS: Beidh mé ag gabháil ar ais go Nepal chomh luath agus a thig liom a ghabháil ar ais, agus i dtaca le tacaíocht a fháil dár ndóighe, i rud leannúnach é sin, ní just rud fás aon oíche atá ann. Tá sé cruthaithe agam agus léirithe agam go bhfuil tacacíocht a thabhairt agam do dhaoine le trí bliana déag anuas agus tá me a gabháil a leanúint ar aghaidh chomh fada agus chomh mór agus a thig liom a dhéanamh ins an am atá le theacht.

ANC: Anois a Chathail, ar ndóigh, tarrníodh na huadárais isteach anseo nó bhí caint ar Interpol i gceist, go raibh fiosrúchán ar siúil, go raibh na Gardaí tagtha ar bord, go raibh Rape Crisis Centre, agus eagraisí eile ag fiosrú an scéil seo.

COS: Bhuel dár ndóighe tá an rud imithe ó smacht ar fad, mar atá ráite agam roimhe seo, cuireann sé iontas orm gur tarrníodh isteach an dream sin, déarfaimis, an Rape Crisis Centre, mheasfá gur éagnaítheoir atá ionaim, níl bun ná barr lena leithéidí. Tá mé cúisithe as sin agus seo ach sin mar a tharlaíonn nuair a bhíonn tú istigh i gceartlár circus poiblíochta mar seo. Tá a fhios agam, dúirt cara de mo chuid liom fá mhúinteoir áirithe, a mhúineann mo shaothar filíochta, go dtáinig buachaill isteach ins an rang agus gur fhiafraigh sé den mhúinteoir, an gcaithfimid staidéar a dhéanamh ar an Rapist, an éagnaítheoir seo? Téann a leithéidí sin go croí ionaim. Tá sé uafásach go mbeifí ag caitheamh liom mar sin, ach i dtaca leis an scéal seo ar fad faoi na huadárais, bheadh sé i bhfad níos fearr agus bheadh lúcháir orm dhá bhliain ó shoin dá ndéanfaí fiosrú mar sin. Tá sé ráite ag lucht deantúis an scannáin nach bhfuil rud ar bith mí-dhleathach ar siúil agam, agus goidé an scéal seo faoi na huadárais a bheith ag fiosrú. Na fir óga atá luaite ins an scannán, na daoine a bhfuil caidreamh agus gaol agam leo, tá siad ar fad 17, 18 agus ó sin suas. Tá an rud ar fad amaideach agus cuireann sé as domh go mór go bhfuil corr curtha ins an fhírinne.

ANC: Ar ndóigh bhí comhartha ceiste fosta faoi do chuid dántaí ar churriculum na scoile ár ndóígh tá sé ráite anois go mbeidh na dántaí ar an churriculum mar atá agus mar a bhí. Ar chuir sé iontas ort go raibh fiú a leithéid de cheist curtha go mbeadh do dhánta tógtha do churriculum na scoile?

COS: Bhuel níor chuir sé iontas ar bith orm, mar nuair a thig cúrsaí gnéis chun cinn mar seo téann daoine as a meabhair agus cailleann siad a gcumas réasúnaíochta agus ní chuirfeadh sé as domh a beag nó mór cé acu an bhfuil siad ar an chúrsa nó nach bhfuil. Braithim go n-ainsionn cá bith ar mian leo sna dántaí sin agus má bhaineann siad den chúrsa iad ní chuirfidh sé isteach orm beag na mór. Ach sin ráite, baineann an dearcadh sin le bheith ag tarraingt siar sathar litríóchta nó saothar ealaíona de chineál ar bith, baineann sé le dearcadh atá iontach meán-aoiseach, agus shíl mé b'fhéidir go raibh muid amach as an aois dhorcha sin. Dár nóigh má tá tú ag iarraidh saothar ó ealaíontóírí a tharraingt siar ó chúrsaí scoile tharlochaid sé go gcaithfear cuid mhór saothar a tharraingt siar.

ANC: Agus ansin an tógra ar ndóígh, tógra na Comhairle Condae, do theach, do chuid scríbhinní agus a leithéidí sin, bhíothar ag caint fosta i gcuid de na meáin chumarsáide gur cheart go dtarrnóchaidh as sin chomh maith.

COS: Sé an rud a chiallaíonn sé go bunúsach na go dtug mise mo chuid caipéisí don Chomhairle Condae, don tír, agus gob é an socrú a bhí ann ná go gcuirfeadh siad píosa breise leis an teach. Anois, ní liomsa an teach sin, is leis an Chomhairle Condae an teach, ní liomsa an píosa breise, is leis an Chomhairle Condae é, mar a tharlaíonn sé thug mé an méid a bhfuil agam, an teach sin, agus an méid atá sa teach, leabharthaí, caipéisí agus mar sin de don Chomhairle Condae. Is ar mhaithe le daoine eile atáthar ag déanadh leathnú ar an teach agus tá súileas agam go mbeifear in ann úsáid mhaith a bhaint as san am atá le teacht agus go rachaid se chun socair d'ealaíontóirí agus do scríbhneoirí.

ANC: Agus a Chathail, inis domh, goidé atá i ndán duit anois, Goidé a ba mhaith leat a dhéanamh?

COS: Pillfidh mise chun a' bhaile.

ANC: Ba mhaith leat a ghabháil ar ais 'n a bhaile go Mín a Léith?

COS: Bhuel dár ndóighe, ba mhaith liom. Sin mo bhaile, sin m'áit dhúchais, agus ansin atá mé ar mo shuaimhneas go huile agus go hiomlán. Sin bun agus barr mo shaothair agus thar áit ar bith eile ba mhaith liom bheith i Mín a Léith.

Deireadh / End

Part 1 is here and part 2 here
Cuid 1 anseo agus cuid 2 anseo

2 comments:

Jess said...

Having only a year's study of Irish on me (and therefore clearly not able to read the interview as Gaeilge), I look forward to reading the translation. Thanks--I know it'll be a lot of work for you!

Vince said...

If I were you I would be very careful indeed. For I have the feeling that the poet will become a very rich man out of all this. The four gold mines take a dim view on this kind of thing. You will have noticed that people have stepped from the high moral when they realised the position was sinking under them. Having destroyed a man in the meantime. When all he need to do is wheel a few of the lads from the film before the courts.
Remember that you are a publisher.