Friday 28 March 2008

Ó Searcaigh Interview: Agallamh Cuid 2: Part 2

This part 2 of a transcript I made from the Raidió na Gaeltachta interview with Cathal Ó Searcaigh (26 March 2008). About one quarter of the interview remains to be written up, but I haven't had time to finish it yet, and I haven't gotten around to writting up a translation.

Part 1 is here.

ANC: Tá sé le tuigbheáil ón scannán fosta go dtig na fir óga seo go dtí an seomra a do lorg, is go dtig cuid mhór acu ann, go mbíonn scaifte mór ann, ag lorg airgid. An mbíonn fir óga ag teachta chugats ag lorg airgid?

COS: Mar tá tú i dtír ar bith atá bocht ar ndóigh, tá daoine ag teacht chugat ag lorg airgid. Sin mar atá sé. Tá a fhios ag achan turasóir sin. Síleann siadsan ar ndóigh, má tá tú bán, agus má tá tú ón oirthear go bhfuil sparrán trom agat. Tá Nepal mar an gcéanna.

d'oscail mise mo shaol amach chomh foscailte le lucht déanta an scannáin seo, thoicfadh leofa scannanaíocht a dhéanamh orm maidin nóin agus deireadh lae. Thigeadh daoine ar cuairt chugamsa. That na blianta atá mé i Nepal, mar atá ráite agam, tá cairdis cruthaithe agam, cairdis atá buan, agus thigeadh siad sin ar cuairt chugam. Bhíodh muid inár suí taobh amuigh den ostán ag táblaí agus muid ag caint. Bhí deis ag an stiúrthóír scannanú a dhéanamh ar cá bith a bhí ag tarlú. Anois tá curtha i mo leith go mbíodh líon mór fir óga i mo sheomra de shíor. Is bréag glan atá ansin. Bhí an doras foscailte ins an seomra sin nuair a bhí mé ann. Bhí cead ag daoine theacht mar bhí tréímhsí fada caite agam i Nepal, dhá, trí mhí ag an am, agus an seomra a bhí agam ins an ostán, ba sin mo bhaile, mo bhaile cosúil leis an bhaile atá agam i Mín a Léith, agus mar atá fhios ag achan duine tá mo dhoras foscailte i Mín a Léith, agus nuair a thigeadh daoine go dtí mo sheomra insan ostán gheobhaidh siad cupa tae. Agus thigeadh siad ar cuairt chugam ach ní hé sin le rá go raibh mé ag gabháil a luí le achan nó go raibh mé ag déanamh ionsaí gnéis mar atá curtha i mo leith. Níl léiriú ar bith déanta air a dhúil atá agam leis na daoine sin, tá an rud claonta ins an dóigh a bhfuil sé curtha i láthair. Níl seans air bith agamsa léiríú a thabhairt orm fein, agus an dóigh a bhfuil mé ag dealáil leis na daoine sin. Mheasfá ón scannán gur turasóireacht ghnéis atá ar siúl agam ansin, ní thugann sé léargas ar bith ar na cairdis fadtéarmacha atá agam ansin, ar an ghaol atá agam leis an oiread sin daoine.

ANC: Tá sé ráite ag an léiritheoir gur iarr sí ort a ghabháil agus comhairle a fháil, agus gur mhol sí duit comhairle a fháil, mar ins an scannán seo, tá sé tugtha le fios go bhfuil caidreamh agat le buachaillí atá idir 16 agus 17 d'aois. Deir an léiritheoir go bhfaca sí seo ag tarlú de réir a chéile is gur chuir sé as di féin, gur máthair í féin, gur chuir sé isteach go mór uirthi. Inis domh goide an tuigmheáil a bhí agat ar an mholadh sin.

COS: Mhol siad domh gabháil amach agus comhleoireacht ghnéis a lorg. Nuair a chuaigh mé lena leithéidí a dhéanamh agus nuair a fuair mé amach goide a bhí i gceist, i comhairle do Pedophiles a bhí i gceist ansin, agus tuigeadh domh ag an am sin go raibhtar ag glacadh míbhuntáiste orm mar tuigeadh domh nach sin an rud a bhí ionaim. Ní raibh claonadh ar bith ins an treo sin ionaim. Bhíothar ag iarradh a chur ina luí orm gur dhrochdhuine a bhí ionaim. Thacaigh sé sin le cá bith dearcadh a bhí a chur i láthair ins an scannán. Ag an am sin, stad mé a ghabháil sa treo sin. Bhí mé faoi bhrú dár ndóígh, agus an té atá faoi bhrú déanann sé rud ar bith. Ag an am, níor labhair me le duine ar bith, níor labhair mé le mo dhlúthchairde faoin rud seo ar fad, so bhí mé liom fein, bhí mé im'aonar. Anois tá go leor cainte déanta ag lucht déatais an scannáin faoi dubh-shaothrú, agus má rinneadh dubh-shaothrú ar dhuine ar bith, rinneadh dubh-shaothrú ormsa sa dóígh a bhfuil mé curtha i láthair insan scannán sin. Insan scannan, cuir i gcás da mba fir óga as Éirinn a bhí i gceist, is cinnte nach dtaispeáinfí a n-aghaidh ar an scaileán mar a taispeanadh aghaidh na bhfear óg sin as Nepal. Táthar ag caint gur tugadh comhairle daofa, tá siúrthóír an scannáin a rá gur tugadh comhairle faoi chúrsaí gneis daofa, an píosa scannáíóchta atá tágtha ó Nepal agus atá tábhacht iontach ag baint leis, tá sé ráite ag Narang Panth, croí-lár an scannáin sin, nach bhfuair sé comhairle ar bith. Ní amháin sin ach ta sé ráite aige amach go neamh-bhalbh gur chuir sé scairt ar stiúrthóír an scannáin a rá léi go bhfuil sé míshásta le rud ar bith atá ráite ins an scannán agus gur mhaith leis a tharraingt siar agus tugadh gealladh dó nach mbainfí úsáid as insan scannán. Goidé atá tarlaithe? Tá sé curtha i mbéal an phobail - ins na grianghrafanna atá a n-úsáid le poiblíochta a thabhairt don scannán, tá sé le feiceáil de shíor, ta sé le feiceáil ar an scannán, tá a fhios agamsa go pearsanta go bhfuil sé iontach briste faoin dóigh ar baineadh úsáid as. Sin é an fáth gur mhaith liom go beadh deis ag pobal na hÉireann an footage atá tagtha ó Nepal a fheiceáil. Taispeánadh an footage seo do na hudaráis sláinte, taispeánadh é don lucht urraíochta, taispeánadh é anseo agus ansiúd ach níor taispeánadh é riamh domhsa é, so ní raibh a fhios agam i gceart goide a bhí ann.

ANC: Tá a fhios ag achan duine gur duine aerach tú, ní dhéanfaidh tú rún ar bith de, tá sé mar théama i do chuid filíochta, tá tú iontach oscailte faoi, agus táim cinnte go raibh, nó an raibh a fhios ag muintir Nepal gur duine aerach tú chomh maith, an bhfuil an tuigmheáil sin acu gur duine homaghnéasach thú?

COS: Dár ndóigh mhínigh mise do mo chairde ar fad, chuir siad ceist orm cén fáth nach bhfuil tú pósta, tá achan duine pósta i Nepal. Sin mar atá an cultúr sin, chuirfeadh siad ceist orm go minic cén fáth nach bhfuil tú pósta agus mhíneoinn daofa go díreach cén claonadh a bhí ionaim, ar chor ar bith bhí 'fhios ag an chuid is mó de na fir óga seo cén claonadh a bhí ionaim, níl le déanamh acu ach amharc ar an idirlíon agus gheobhaidh siad amach ansin go díreach mar bhí sé sin luaite go poiblí. Rud amháin, tá dochar déanta do na daoine, na fir óga sin atá taispeánaithe ins an scannán, cuireann sé iadsan faoi bhrú, níl cosaint ar bith acu. taispeánadh aghaidheanna s'acusan. Chuir duine acu sin, Naraing Panth, chuir sé glaoch ar an stiúrthóír agus dúirt sé léi nár theastaigh uaidh go n-úsáidfí é ins an scannán ach níor tugadh aird ar bith air. Baineadh úsáid as ins an scannán agus baineadh úsáid as a phioctúir go minic ar na paipéar anseo, bhí sé mar chuid thabhatach den fheachtas poiblíochta a bhí ar siúl leis an scannán sin a chur i mbéal an phobail go háirithe an picotúir áirithe, mise ag deisiú agus ag cóiriú carabhat s'aige. tá a fhios againn ar fad cen chiall, cén bhrí atá leis sin. Go coinsiasach, cuireadh é sin amach. Tá pioctúir eile insa scannán a gcaithfidh mé tagairt a dhéanamh de, a chuireann as domh go mór, is dóíchí gurb é an pioctúir a úsáideadh chun an scannán a fhógairt, agus sin an pioctúir de fhear óg agus a lámha sínte amach aige agus shílfeá go bhfuiltear á chéasadh. Anois, sé atá ins an phioctúir sin ná mo dhluthchara Santaram Sakota agus an cúlra a bhaineann le sin tá sé chomh soineanta, chomh neamh-urchóídeach. Bhí muid uair amhain ar cuairt i mbaile ar a dtugtar Pokara agus tá loch álainn ins an bhaile sin, agus chuaigh Prem agus Santaram amach a snámh. Níl snámh ar bith ag Prem agus bhí Santaram ag comhairliú agus ag cuidiú leis builí snámh a fhoghlaim, is dóíchí go ndearna muid sin le héagsúlacht a thabhairt don scannán, iad amuigh ins an uisce, shíl mise gur sin an rud a bhí ann. Iníon Uí Chianáin, stiúrthóir an scannáin a mhol sin, ag an am, b'fhéidir achan chineál subtext ag baint leis nár tuigeadh domhsa ag an am. Bhí siad ag snámh agus tá Santaram ag léimint ón chlár tumadóireachta, sin an rud atá insan phíosa sin, insan phioctúir i ndáiríre, ach an dóígh ar baineadh leas as le rud inteacht eile a rá. Léiríonn sé sin go maith an dóigh ar cásadh rudaí thart le léiriú eile a thabhairt nach bhfuil baint ná páirt aige leis an phíosa é féín.

Tá mé dubh-thuirseach den rud seo atá mé ag léamh ins an phaipéar gur duine saibhir mé, duine ar bith a bhfuil a fhios acu, níl file ar bith saibhir. Cá bith airgead atá agam agus ní mórán airgid atá ann, ach cá bith atá ann, téann 3/4 cuid ar a laghad go Nepal. Sin rud nach bhfuil luaite beag ná mór sa scannán. Níl tuairisc ar bith tugtha den méid argead atá tugtha agam, ar bhun leannúnach.. tá cairde agam ansin atá thar bhlianta ag fáil atá cothaithe agus atá gaol fádtéarma agam leo. Níl tuigmheáil ar bith tugtha de sin ins an scannán seo.. ar chor ar bith.

ANC:Agus an téama eile atá an ná dú-shaothrú, a Chathail, agus duine ar bith a chonaic an scannan tháinig sé sin trasna.

COS: Thig rud ar bith a dhéanamh ins an seomra eagarachta, thig gearradh agus claonadh ar bith is mian leat a chur ar rudaí atá soineanta agus nach bhfuil dochar ar bith ag baint leofa. Tá sé luaite agam an dóigh ar baineadh mí-úsáid as pioctúir Santaram. Tá iomhá insa scannan a chur déisteán orm féin fosta. Tá pioctúir amháin do Sonita, bean Phrem, agus í ag amharc orm, agus shílfeá go bhfuil sí ag amharc orm go hiontach goirgeach. Anois, a mhailairt ar fad atá fíor. An grá agus an gaol atá agamsa agus Sonita, an meas atá againn ar a chéile. Luadh sna paipéir "the look on the young men". Tharla sé sin sa seomra eargarachta seachas mar a tharla sé agus muid amuigh ansin. Tá Naranh Adakari cuir i gcás, sin duine de na fir óga ar baineadh leas as ins an scannán, agus táimid inár suí amuigh i gclós san ostán, agus muid ag ithe, tá seisean ag ithe, agus tá mise ag rá nursery rhyme agus tá an rud sin ar fad iontach sinister - an dóigh a bhfuil mé á rá, insan chomthéacs atá cothaithe insan scannán, anois bhí an rud sin ar ais arís iontach soineanta, luaigh sé rud inteacht faoina Maosists, bhí mise ag caint ar na Maoists agus tharla míthuiscint de chineál éigin agus amach as sin deirim an píosa beag sin de nursery rhyme ach tá cuma air sin go bhfuil se iontach chorrach (chortha). Anois tá sé iontach corrtha mar an té a bhí ag scannánú, bhí an ceamara thuas ar a thoc aige bhí sé ag iarraidh a bheith ag ithe, bhí sé ag iarraidh bheith ag éisteacht liomsa, bí sé ag iarraidh bheith ag tabhairt airde ar a' cheamara. Anois tá go leor de sin ins an scannán fosta, mar an té nach bhfuil cleachtadh ar bith aige ar scannán a bheith thuas lena thoc tá sé iontach deacair acu a n-aird a dhíriú ar a bheith ag caint nó a bheith ag amharc ar a gcompórd.

ANC: Ann fosta tá fir óga le feiceáil, bhuel tá fear óg amháin le feiceáil ag teacht go dtí an ostán a do lorg, uimhir an tseomr aige agus sé an dearcadh nó an tuigmheáil atá ón scannán nó go bhfuil siad a go lorg le airgead a fháil uait agus tá sé ráite agat fosta, a bhfuil a fhios agat, gur daoine óga soineanta as an tuath iad seo nach bhfuil mórán cur amach acu ar chúrsaí gnéis, nó mórán eolais acu, go deimhin cuirtear an cheist goidé rud é....

COS: Tá achan rud ins an scannán claonta i mo éadán. Tá a fhios agam sin. Tá sin le feiceáil agam go soiléir, an dóigh cuir i gcás a mbaintear úsáid as an footage sin a rinne mé le SBB, táthar ag díriú isteach ar chuid áirithe de sin faoi gur role model atá i gCathal Ó Searcaigh, dár ndóígh, baintear úsáid as sin agus, táthar ag cur in iúl...há, role model. An cineál sin rud. Luaigh tú ansin duine ag teacht do dtí desk an ostáin agus iad ag gabháil suas go dtí mo sheomra. Tá sé sin claonta fosta, an raibh mé thuas i mo sheomra fiú amháin nuair a thainig an duine sin go dtí an desk - níl a fhios againn, go díreach léirítear duine inteacht ag teacht go dtí an desk agus go díreach é ag siúil suas go dtí mo sheomra. Leideanna beaga mar sin, tá an scannán lán daofa. Tá achan cheann acu curtha i mbealach go bhfuil cúisiú á dhéanamh ormsa.

ANC: Tá go leor cúrsaí gnéis luaite sa scannán seo i ndáiríre agus is dóíche gur sin an phríomhthéama ann ach mar a dúirt mé is duine homaghnéasach tusa, tá a fhios ag achan duine sin, ach an tuigmheáil atá agatsa ar chaidreamh collaíochta a Chathail, de réir an tuigmheáil atá agamsa, ní an gnáth-chaidreamh collaíochta a bheadh i gceist, ní hé sin an sórt caidrimh a bheadh agat le cuid de na buachaillí agus ní iad ar fad, ach cuid acu mar a luaigh tú.

COS: Tá béím ins an scannán seo ar fad ar chúrsaí gnéis, tá an thesis ar fad ag gabháil sa treo sin, gur sin bun agus barr mo shaoil, anois níl mise ag gabháil isteach i gcúrsaí gnéis agus na fíricí a bhaineann leis nó nach mbaineann leis ach déarfaidh mé go díreach, go goirid, cá bith caidreamh a bhí agam leis na fir óga seo gur croí isteach a bhí ann, gur gean a bhí ann, seachas caidrimh dlúth-chollaíochta. Ins an scannán, níl ach triúr ag caint, tá siad sin ar fad 18 d'aois. Tá cead acu caidreamh collaí a bheith acu de réir an dlí. I dtaca leis an triúr dó, agus níl mé ag gabháil a ra, go díreach, cupla focal mar gheall air seo. Narang Panth chuir sé glaoch ar stiúrthóír an scannáin agus dúirt sé léi nach raibh sé ag iarraidh bheith rannpháirteacht sa scannán, d'iarr sé uirthi an taifeadh a rinne sí air a tharraingt siar, agus gheall sí dó go ndéanfadh sí sin, ach tá sé ins an scannán. Bhris sí an gheallúint sin. Tá mise i dteagmháil leis des shíor, táimid iontach mór lena chéile, tá sé iontach bríste i láthair na huaire. I dtaca leis an bheirt eile, Sarendra Areal agus Narang Adakari atá ansin á mo chúisiú tháinig siadsan chugamsa nuair a bheas iomlán na fírinne inste fán chaidreamh sin, tchífear go raibh siadsan, agus fios acu, goide a bhí siad a dhéanamh. Tháinig siad chugamsa agus iadsan a chur an scéal sin chun toisí ormsa, is cinnte nach raibh mé ag glacadh buntáiste ar bith orthusan. Bhí siad toilteanach caidreamh a bheith acu liomsa. Agus sin ráite, an caidreamh a bhí agam leo, is caidreamh bhí chomh soineanta, is croí isteach atá ann, agus ní rud inteacht eile.

ANC: A Chathail, an dóigh leat dáiríre, go raibh tusa soineanta tú féin ins an chur i láthair a rinne tú ins an scannán seo.

COS: Dár ndóighe, tá mé soineanta, a Áine. Silím gurb é sin an té is tábhachtaí i mo shaothar féin, a bheith súil oscailte, agus soineantacht a' linbh go pointe áirithe. Ach de bharr go mbaineann an soineantacht sin liom. Cuirim muinín i ndaoine, glacaim leis go bhfuil achan duine maith agus go bhfuil achan duine báúil agus dáuil liom agus mar sin dó fosclaím mé fein amach agus tugaim deis daofa a theacht isteach i mo shaol. Na doaine, a bhfuil aithne acu orm, tuigeann siad sin, sin mar a tharla ins an chás áirithe sin, leis an scannánú sin ar fad, gur fhoscail mé mé féin. Duine inteacht eile ní dhéanfadh siad é. Dá mbeadh rud ar bith ceilte agam, dá mbeadh rud ar bith faoi rún agam, is cinnte nach dtabharfainn cuireadh daofa theacht isteach in mo shaol agus nach mbeinn chomh foscailte, bhí cead acu mé a leanstan i gcónaí agus cá bith scannánú a bhí de dhíth orthu a dhéanamh.

Tá an próiséas, an scannánú seo ar siúl le dhá bhliain i ndiaidh don taifeadadh deireanach a bheith déanta, anois, dá mbeadh rud ar bith as bealach déanta agam, shílfí go dtabharfaí aird air i bhfad roimhe sin..dá mbeadh rud ar bith as bealach déanta agam thiocfaí é a chur i láthair an phobail lom láithreach. Ta go leor ceisteanna le freafairt ansin.

ANC: Anois, an t-airgead fosta, an bhfuil a fhios agat, is dóíche gur tógadh an cheist fán airgead fosta, a Chathail, anois, tá a fhios againn go n-úsáideann tú do chuid airgid féin go pearsanta, 3/4 de chuid teacht isteach, le caitheamh ar dhaoine i Nepal, ag cuidiú le daoine, ach ar ndóígh bhí ócáid ar siúl agat in áit a raibh ceant ar siúl, fuair tú slám maith airgid, fuair tú ealaí ó dhaoine móra le rá, d'éirigh leat cuid mhaith airgead, a Chathail, goide an bealach a caitheadh an t-aigead sin, an bhfuil cuntaisí agat, an dtig leat crúthúineas a chur ar fáíl gur caitheadh tú an t-airgead sin ar bhealach ata ceart agus ionraic agus cóir?

COS: Bhuel, airgead ar bith a thug mise, thug mé go hionraic é agus thug mé go cóir, mo chuid airgid féin agus airgead daoine eile, chuaigh sé chun leas daoine i Nepal, daoine aonaracha agus teaghlaigh agus eagraisí. Agus ní duine mé gur mhaith leis ag mórú agus ag cur m'ainm chun tosaigh. Sin ceann de na fadhbanna a bhaineann leis an scannán fosta, go bhfuil ócáidí nár mhaith liomsa taispeáint go bhfuil mé ag tabhairt airgid do dhaoine, mar tá féin-mheas ag na daoine sin orthu féin, níor mhaith liom achan duine go bhfuil mé ag tabhairt airgid daofa a tharraingt isteach agus iad a chur os comhair an cheamara agus a thaispeáint, seo mise ag dáileadh amach airgid ar na créatúir bhochta seo, mise as an iarrthair ag iarraidh fear mór a dheanamh domh féin. Ba mhaith liom go mbeadh an rud curtha i láthair cineál, go caolchúiseach. Tá an t-airgead sin ar fad a cruinníodh, tá sé tugtha agam do dhaoine, le dhá bhliain anuas fosta an ciste beag airgid sin, ach an chuid is mó den airgead atá imithe go Nepal, is amach as mo chuntas féin atá sé tághta, tá na caipéisí ansin, tá na fíricí ansin, tá siad sa bhainc, cuirim airgead amach achan tseachtain beagnach ag daoine, amach fríd western union, amach fríd moneygram, agus nil tagairt dá laghad ins an scannán go bhfuil an tacú leannúnach sin á dhéanamh agam ar dhaoine amuigh ansin.

Part 1 here. Cuid 1 anseo
Part 3 here. Cuid 3 anseo

No comments: