Thursday 27 March 2008

Ó Searcaigh Interview:Agallamh Cuid 1: Part 1

This is part 2 (of 3) of the transcript I made from the Raidió na Gaeltachta interview with Cathal Ó Searcaigh (26 March 2008). I haven't gotten around to writting up a translation. I have tried to remain as close to the actual interview as possible but there are a handful of phrases left out which I felt were repetition or irrelevant. Purely to save time.

Cuid 2 anseo. Part 2 here.
Cuid 3 anseo. Part 3 here.

Áine Ní Churráin ag cur síos ar cén fáth a ba mhaith leis an t-agallamh a dhéanamh ar RnaG is ar an agallamh féin:

ANC: I mí Feabhra bheartaigh muid agallamh a chur ar Chathal Ó Searcaigh. Dúirt a ulabhraí go dtabharfadh Cathal Ó Searcaigh a chéad agallamh do RnaG. An fáth ná go raibh sé ag iarraidh míniú a thabhairt dá phobal féin i dtús, an pobal is tábhachtaí ina shaol. Agus gurb í an Ghaeilge a theanga dhúchais is go bhfuil sé níos compórdaí i nGaeilge na i mbearla.(Ck)

Nuair a bhuail mé le Cathal, tháinig sé trasna mar dhuine atá láidir go maith ann féin, cé go bhfuil cuid mhór rudaí tarlaithe ó shoin, Tá alltacht air faon méid atá scríofa faoi. Ba mhaith leis teacht abhaile. Seo mar a labhair sé faoin chaoi ar chuir na cúrsai seo isteach air:


CS: Tá athrú iomlán ar mo shaol de bharr an scannáin faisnéise seo atá déanta mar gheall orm . Tá mé sa duibheagán agus ní iontas ar bith sin on méid atá ráite orm, an mícliú atá tarnaithe orm, an doigh go bhfuil smál ar m'ainm i láthair na huaire, cuireann sé as go mor orm. Ach mar sin féin agus tú ins an duibheagán tá dóchas i gcónaí. Cuimhním go minic na laethanta seo ar Oscar Wilde a chuaigh fríd an chineal seo cruachais fosta ina am féin agus a dúirt "Táimid ar fad sa chlábar ach tá cuid againn ag amharc ar na réaltóga" agus tugann sin misneach domhsa, bheith ag amharc as an duibheagan ar na realtoga sin

ANC: Tá tú ar shiúl as baile le tamall, tá cupla seachtain crua curtha isteach agat, is iomaí duine nach mbeadh ábalta déiláil leis an bhrú seo, an brú sna meáin chumarsáide, d'ainm i mbéal an phobail go rialta, goidé mar atá té ag déiláil leis?

COS: Tá sé deacair glacadh leis. Agus tá tionchar aige ar mo shaol, anois, agus beidh tionchar aige ar mo shaol san am atá le theacht. Tá sé deacair sin a ghlanadh ar shiul. Ní hamhain sin ach mo shlí bheatha féin, slí bheatha atá ann atá i mbeal a phobail, cá bith airgead a shaothraímse, go saothraim é ag tabhairt léachtaí agus leitheoirachta poibli. Beidh sé iontach deacair leanúint ar aghaigh leis sin.

ANC: Ar cuireadh ócáid ar bith ar ceal go dtí seo a Chathail?

COS: Níl rud ar bith diúltaithe go fóill agus tá daoine iontach báúil, tá tacaíocht mhillteanach agam, agus, is mór an t-abhar dóchais agus misnigh dom an tacaíocht iontach bunúsach atá faighte agam ó chairde agus lucht aitheantais, agus ó dhaoine nach bhfuil aithne dá laghad agam orthu. Cá bith atá curtha ar ceal, is mé féin a chuir ar ceal e, mar nach bhfuil sé ionam teacht i láthair an phobail i láthair na huaire.

ANC: An raibh barúil ar bith agat go rabhtar chun scannán mar seo a dhéanamh, nuair a thug tú cuireadh dóibh dul amach go Nepal, an raibh barúil ar bith agat go raibh scannán mar seo a dhéanamh?

COS: Shíl mé gur scannán faisnéise a bhi ann faoi mo shaol féin i Nepal, agus níos mó na sin gur scannán faisnéise a bheadh ann a thabharfadh léiriú ar Chultúr Nepal, ar an tír, a rachadh chun socair don tír, a tharraingeodh aird daoine ar an tír, agus b'fhéidir go rachadh siad amach is go gcuideodh se le cúrsaí turasóireachta ins an tír, ach a mhalairt ar fad atá sa scannán

ANC:Cá huair a fuair tú amach nach é sin an sórt scannáin a bheadh ann?

COS:bhuel scéal fada achrannach faoi seo ar fad agus tá an oiread sin cúinsí ag baint leis, ach an chéad uair a cuireadh ar mo shúil domh, gur scannán de chineál eile a bheadh ann, ná dhá bhliain o shoin, nuair a tháinig mé ar ais ó Nepal, an uair dheireanach a bhí mé i Nepal, bhíothar ag scannánaiocht liom ar feadh tréimhse fada, ar feadh 6 seachtainí nó mar sin. Agus nuair a d'fhág mé Nepal chuaigh mise go Bahrein an áit a bhfuil cara eile de mo chuid as Nepal, chuaigh mé ansin le tacaíocht a thabhairt do, mar go raibh sé i gcruachás ag an am, bhi deacrachtaí aige lena job, bhí go leor fadhbanna aige is chuaigh mé ansin, cineál le iarracht réiteach a dhéanamh orthu. Ansin tháinig mé abhaile, chuir mé glaoch ar lucht an scannáin ó Bhaile Átha Cliath a rá go raibh mé tagtha agus, bhí a fhios agam gur mhaith leo píosa a dhéanamh liom agus me ag teacht isteach sa teach i Mín a Léith, mar chríoch ar an scannán. Tháinig mé go Mín a léith agus bhi siad romham ansin. Rinne muid cupa tae, ansin cuireadh i mo shuí síos me, bhí 2 cheamara ann, shíl mé gur agallamh a bheadh ann, cineál achoimre ar cá bith a bhí déanta againn go dtí sin, agus le críoch a chur ar an scannán. Sin an uair gur cuireadh na cúiseanna seo i mo leith. Anois, bhí sé de bhéasa agamsa suí ar an chathaoir sin agus iarracht a dhéanamh na ceistanna sin a fhreagairt. Bhí mé tuirseach mar bhí aistear fada déanta agam, bhí mé ag fulaingt as jet lag, agus go díreach a bheith traochta. Nuair a cuireadh na ceistanna sin orm ní raibh mé soiléir ionaim féin. Shuigh mé síos agus rinne mé iarracht iad a fhreagairt chomh maith agus a thiocfadh liom. Agus ar ndóigh níor chóir dom a leithéid a dhéanamh. Níor tugadh leid dá laghad domh goidé a bhí romham. Sin an t-am a tuigeadh dom gur scannán de chineal eile a bhíothar a dhéanamh orm.

ANC: Sin í an uair a cuireadh ceist ort fá chúrsai gnéis agus gur dhúirt tú go mbíonn caidreamh collaí agat le daoine óga.

COS: Sin í an uair a cuireadh an cheist sin orm, b'fhéidir gur shuigh mé ansin ar feadh leathuair a chloig, 40 bomaite, níl me cinnte, ag iarraidh míniú a dhéanamh orm féin. Sin an uair fosta a tuigeadh domh cé chomh dainséarach is atá sé a bheith ag caint go poiblí, an dóigh fosta go dtig mí-úsáid a bhaint as rudaí a deireann tú. Ní smaointíonn doaine choíche ar an chomhthéacs ina ndeirtear rudaí, ach go dtig iad a chásadh, ní raibh carthánacht ar bith ag baint le bheith ag úsáid an phíosa sin, go háirithe, sin an chomhtéacs inár dearnadh scannánú air. Ní raibh tuigbheáil ar bith faoi mo chás-sa ansin.

ANC: Bhí an comhlacht seo i Nepal roinnt uair, rinneadh scannán ort, goidé a bhí in ainm's bheith sa scannán seo nach raibh sa chéad scannán, agus ar glacadh nó ar dearnadh taifeadadh ar ábhair ar bith eile?

COS: Bhuel d'oscail mise mo shaol amach mar a d'osclóinn leabhar, le lucht deanta an scannáin seo, agus bhí cead acu mé a leanstan thart...maidin, nóín agus deireadh lae, bhi cead acu scannánú a dhéanamh orm. Sé an cuspóir a bhí leis an scannán seo mar atá raite agam, léiriú éigin a tabhairt orm ins an chlultúr eachtrannach seo, an tír seo go raibh gaol speisialta agam leis, na cairde a rinne mé ansin. Ach ní sin an rud atá sa scannán ar chor ar bith, is beag léiriú atá sa scannán ar chultúr Nepal. Is leagan iontach aontaobhach atá ann.

ANC: Ní thaispeáintear ins an scannán do chuid oibre, do chuid tógraí, an cuidiú a thugann tú do daoine, na rudaí uilig go léir atá déanta agat i Nepal le blianta fada. Cén fáth nár taispeánadh sin?

COS: Caithfidh tú an cheist sin a chur ar lucht déanta an scannain. Bhí dearcadh eile acu-san nuair a thosaigh siad ag déanamh eagaracht ar an scannán sin.

Ta lear mór de mo chuid airgid tugtha agam do Npeal. Ní bhím i gcónaí ag iarraidh mórtas a dhéanamh as an méid airgid a thugaim ach, déarfain go dtugaim 3/4 cuid den méid a shaothraím do Nepal. Sin rud nach bhfuil luaite san scannán beag na mór.

ANC: Ach nuair a bhí siad i Nepal, an comhlacht seo, an ndearna siad scannánaíocht ar an obair seo, an ndeachaigh siad go dtí na háiteanna a raibh tusa ag cuidiu le daoine, an raibh an t-abhar sin taifeadtha acu?

COS: Is dóígh liom go bhfuil. Lean siad thart me. Níl a fhios agam i ndáiríre goidé atá insa footage mar nach bhfuil cuid ar bith den footage sin feicthe agam.

ANC: Agus cá huair a thuig tú nach é an scannán a bhi tú ag meas a bhí déanta, cá huair a thuig tú go raibh scannán difriúil iomlán ar fad déanta faoi Chathal Ó Searcaigh?

COS: Gurb é sin an claonadh atá sa scannán, bhí sin tuigthe agam nuair a tháinig me ar ais. Agus ní raibh a fhios agam ansin cén leagan a bheadh ar an scannán. Níor tugadh deis ar bith dom rud ar bith a fheiceáil. Chuir mé scairt ar mo dhlíodóir is rinneamar iarracht cuid den footage a fheiceáil, níor éirigh linn a dhath den footage sin a fheicáil. Ní raibh a fhios agam cén cineál scannáin a bhí déanta mar gheall orm go dtí gur chuala mé raflaí go raibh an scannán le taispeáint in Amsterdam. Ach go bé mo chairde, ní bheadh a fhios agam go raibh a leithéid ag tarlú. Taispeánadh an footage fosta do dhaoine thall is abhus, fiú ag an am a raibh muidinne ag iarraidh é a fheicáil go pearsanta. An chéad uair a chonaic mé an scannán ná i mí na nollaig, seachtain i ndiaidh é a thaispeáint in Amsterdam, agus chonaic mé an scannán i bpictiúrlann bheag, i stuideo beag i mBAC. Bhi socrú déanta, go bhfeicfinn féin agus mo dhlíodóir agus bhí mé ag súil, roinnt de mo chairde, go bhfeicfimis an scannán le chéile. Ach an lá áirithe sin, níor ceadaíodh do mo chairde dul isteach agus a bheith liom agus tacaíocht a thabhairt agus mé ag amharc ar an scannán sin. Bhi cosc curtha orthu agus cuireann sin iontas orm, mar chonaic na sluaite in Amsterdam é, chonaic daoine thall is abhus e. Cuireann sé iontas orm an dóigh, na modhannan a bhí in úsaid ag lucht déanta an scannain, le mise a choinéail faoi bhrú, le mé a choinnéáil ar mo chostaint i gcónaí.

ANC: Nuair a chonaic tú an scannán sa deireadh thiar thall, goidé a shíl tú dó?

COS: Chuir an scannán as domh go mór. Bhí seo ag tarraingt míchliú millteanach orm. Chuir sé scannal orm an dóigh a raibh sé curtha le chéile. Ón tús bhí sé soiléir go rabhthar ag déanamh dí-speagadh orm. Go rabhthar a mo chur i láthair ar bhealach a bhí fealltach. Bhí feall á imirt orm. Ní rabhthar ag tabhairt seans ar bith don lucht éisteachta báidh ar bith ná dámh a bheith acu liomsa, ar an dóigh go bhfuil an scannán sin gearrtha agus curtha i láthair.

ANC: Ins an scannán seo, tchímid fear meánaosta as Éirinn a bhfuil airgead aige, a bhfuil cumhacht aige, agus a dtuigtear duinn a bhfuil caidreamh collaí aige le buachaillí atá bocht, idir sé bliana déag agus seacht mbliana déag d'aois, agus atá ag baint úsáid as an chumhacht agus an airgead le dú-shaothrú a dhéanamh.

COS: Is dearcadh iontach claonta é sin dár ndóigh. An scannán áirithe atá deanta ag Vinegar Hill, is dóigh liom go bhfuil sé iontach claonta, claonta in éadán s'agam, an dóigh go bhfuil sé curtha le cheile. Thig le rud ar bith a dhéanamh sa seomra eagarthóíreachta. Thig scannán a ghearradh ar bhealach áirithe a insíonn ca bith scéal is mian leat. Agus tá mé buartha gur mar sin atá sé.

Thug mé cuireadh daofa a theacht liom go Nepal, shíl mé go rachadh sé chun tairbhe daofa, go dtabharfadh sé cuitiú airgid daoga, go dtabharfaidh sé léiriú éigin ar chultúr Nepal, go dtabharfadh sé léiríú éigin ar mo chairde ansin, agus ar na droichid atá tógtha agam thar thréimhse fada... ach a mhalairt ar fad atá fíor. Is sceannairt atá ann. Tá mé curtha i láthair ma dhuine atá diabhalta, agus nach bhfuil maitheas ar bith ann. ní shílim féin gur sin an cineál duine atá ionaim.

Tá mo chuid lochtanna orm mar atá ar achan duine ach tá maitheas búnusach ionam nach bhfuil lá airde tugtha air in an léiriú áirithe sin.

ANC: An bhfuil tú ag séanadh go raibh dú-shaothrú i gceist, go raibh tú ag baint úsáide as buachaillí óga, go raibh tú ag baint úsáid as cumhacht agus airgead le buachaillí óga a mhealladh, mar atá leírithe sa scannán?

COS: Tá an scannán iontach claonta. Ní raibh mé riamh ag baint úsiad as na fir óga seo ar mhaithe le sásamh gnéis. Shílfeá go dtéimse amach go Kathmandu is go ndéanaim ionsaí ar na fir óga seo. Feall atá ansin orm. Tá teagmháil agamsa leo agus mé in Éirinn. Tá cuntaisí bainc ansin agam le tabhairt le fios go dtugaim tacaíochta daofa ar bhun leannúnach agus me in Éirinn, níos mó tacaíochta na nuair atá mé i Nepal.

An rud ar fad faoi bheith ag grúmáil s'acu, chuir sé déisteán orm pictiúir áirithe a fheicáil sna paipéir, pictúr de Narang Panth agus mise ag cóiriú a charabhait. Is cinnte nach raibh ach ciall amháin leis an phioctiúr sin: go raibh mise ag cur an fhir óig seo in oiriúint sa dóigh go mbeadh sé ar fáil domh le caidreamh collaí a bheith agam leis. Anios, feall millteannach atá ansin, ní amháin ormsa ach ar Narang Panth, mar ar na mallaibh ansin tá píosa scannánaíochta tagtha ó Nepal a bhfuil tábhacht ag baint leis agus sílim gur chóir dó bheith taispanaithe go poblí mar léirionn sé an míshasamh atá ar Narang Panth an dóigh ar úsáideadh ar sa scnannan, deir seisean gur cuireadh agallamh air is gur cuireadh agallamh air faoi bhrú, tairraingíodh isteach é, cuireadh ceisteannaí ina bheal, tá na ceamraithe dírithe ansin, is tá sé go mór ar a mhíshuaimhneas, agus dár ndóigh deir sé rud ar bith is mian leis na daoine a rá atá ag cur agalliamh air.. tarraingíon sé siar na rudaí sin anois

ANC: Ach ag an am chéanna, a Chathail, ag deireadh an scánnain seo, deireann túsa go neamhbhalbh, agus ní chuireann tú fiacail ann, go mbíom caidreamh collaíochta agat le leathchuid de na buachaillí seo agus deireann tú arís agus arís eile é ag deireadh an scannáin. Goidé atá i gceist agat leis sin?

Tá caidreamh agam leis na buachaillí sin, agus mheasfá ón scannán go bhfuil an caidreamh sin olc. Agus a mhalairt ar fad atá fíor, anois agus muid ag caint ar chúrsaí chollaíochta, shílfeá gur stail atá ionam...shilfeá ó na paipéar gur stail atá ionam leis na scéalta agus na raflaí uafásacha atá curtha i mo leith, anois ca bith caidreamh collaí atá agam le fir óga, is croí isteach atá ann, agus is cairdeas atá ann, seachas dlúth-chollaíocht mar a déirfeá...níl mé ag iarraidh dul isteach ins na fíricí ar fad, deirim agus, deirim seo amach ó mo chroi agus go fírinneach, is croí isteach, is ceanúleacht, is companas atá i gceist

ANC: Ag an am chéanna a Chathail, an bhfuil a fhios agat, taispeánann sé sa scannán fosta, gur daoine óga soineanta, buachaillí as tír iad seo, daoine, agus tugtar seo le fios sa scannán, nach bhfuil morán cur amach acu ar chúrsaí gnéis, nach bhfuil mórán eolais acu, i ndáiríre bíonn tusa ag cur comhairle orthu ó thaobh bheith coimheadach de agus a leithéidí sin, an measann tú go dtáinig sé trasna go bhfuil cineál mí-úsáid?

COS: Caithfidh tú an cheist a chur ort, tá an scannán iontach claonta insan dóigh nár mise atá ag tabhairt léimh, 'sé an stiúrthóir, iníon Uí Chiannáin, atá ag déanamh an tráchtaireach ins an scannán sin agus cá bith barúlacha atá ag teacht trasna is barúlacha s'aicise atá ann. Tá an scannán curtha le chéile sa dóigh is gur léargas s'aicise atá curtha trasna go láidir. Tá cá bith breith atá an lucht éisteachta ag tabhairt ormsa, tá sin curtha in iúl aicise, insan dóigh go bhfuil tráchtaireacht déanta aici. Aisteach go leor, tá an tráchtaireacht sin i mBéarla, agus tá mise ag caint i nGaeigle, chuir sin iontas orm nuair a chonaic mé an scannán don chéad uair, cruthaíonn sin míchothromaíocht iontach bunúsach, an chuid is mo de daoine níl gaeilge acu is tá siad ag brath ar na fó-theidil. Ní hionann fó-theidil agus caint dhíreach a bheifeá in ann tuigbheáil a bhaint as an dóigh a labhraíonn duine, as na geaitsí a dhéanann sé agus é ag caint. Tuigeann achan duine ar ndóigh an tráchtaireact atá déanta aicise i mBéarla. Sin ceist ó thaobh technique, mar atá ráite agam, tá an bhreith tugtha aici-se i mo leith, tá na focla curtha aicise i do bhéalsa, i do chluasa, agus tú ag amharc ar an scannán, ní thugann sin mórán seansa domhsa. Anois, i dtaca léi a rá go bhfuil na fir óga asin ar fad soinneanta. Níl. níl siad soinneanta. Tá cuid acu dár ndóigh, mar atá achan áit, ach tá go leor eile acu insan tír. agus bhí sé iontach spéisiúil ar chlár Joe Duffy insin, fear óg ar an chlár a dúirt go raibh sé i Kathmandu agus go dtainig an oiread sin daoine, fir oga aníós a fhad leis, agus go raibh siad ag cur, mar a déarfá, forrán gnéis air, ag tabhairt cuireadh dó. Tá sé ansin. Agus tá sé ansin go poiblí.

Rud eile atá ar fad i mo shaolsa, cruthaím cairdeas, baineann mo shaol le bheith ag déanamh cairde, breathim nach dtáinig a dhath de sin trasna ins an scannán, fiú amháin an caidreamh fadtéarmach atá agam le mo mhac altanais Prem, le Santarm, le Prakas, agus le léar mór eile daoine. Go dtig sé sin trasna, cineál leataobhach, agus braithim Prem é sin fosta agus cuireann sé as dó go mór. Cuireann sé as daofa ar fad.

Cuid 2 anseo. Part 2 here.
Cuid 3 anseo. Part 3 here.

1 comment:

Anonymous said...

this is great work. thanks for this.