Tuesday 17 July 2007

Gleann dá loch


Thug mé cuairt ar Ghleann dá loch le mo thuismitheoirí ag deireadh na seachtaine seo caite. Bhí an t-ádh dearg orainn go raibh an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Le mí anuas ní fhéadfá do chos a leagan taobh amuigh den doras de bharr na drochaimsire.

Rinne mo thuismitheoirí iontas den Ghleann agus de sheanbhallóg na mainistreach. Go hálainn agus fíorspéisiúil a dúirt m'athair i dtaobh na mainistreach agus an túir. Agus b'fhíor dó.

De réir mar a thuigim, bhunaigh Naomh Caoimhín an mhainistir sin sa séú haois. An séú haois! Is deacair an ré sin a shamhladh anois. B'ansin, i nGleann álainn an dá loch, a rinne sé macnamh ar an tsaol, ar an dúlra, agus ar an tsíoraíocht.

Tá na suíomhanna seo fíor-thábhachtach dúinne, nó go gcuireann siad ina luí orainne go raibh sibhialtacht ann - anseo in Éirinn - i bhfad romhainne, agus gur chaith na daoine sin tréimhse ar an talamh seo, gur mhair siad, go ndearna siad iontas den tsaol seo, gur fhulaing siad, gur smaointigh siad ar an tsaol eile, agus gur imigh siad, amach ar shlí na fírinne.

Ag macnamh ar na daoine sin, i bhfad siar, tig rud amháin i mo cheann: gur fada an lá ag an uaigh orainn. Sea, ní thugann rud ar bith ach seal beag gairid.

Agus rud eile - nuair a d'imigh Naomh Caoimhín agus a chairde, d'fhág siad an tír seo againne, agus d'fhág siad an eaglais agus an túr ina ndiaidh. Agus mhair dhá scór glún idir an dá linn, is gur fhág chuile ghlúin acu siúd na séadchomharthaí seo don chéad ghlúin eile. Ba chóir dúinne an rud céanna a dhéanamh.

Mar sin, molaim go gcuirfí cosc ar dhaoine siúl isteach tríd an reilig i measc na leac uaighe. Bíonn déagóirí ag léimniú thart is ag siúl ar na leaca. Bíonn na mílte daoine ar cuairt ann le linn an tsamhraidh is ba chóir go ligfí isteach iad faoi mhaoirseacht is go mbeadh súil á coinneáil ar an tséadchomtharha féin.

Is lómhar agus is iontach an áit í. Ba chóir dúinn í a chaomhnú dóibh siúd atá le teacht.

No comments: