Seo freagra beag gearr ar an alt seo a scríobh an Spailpín Fánach ar imeacht Bhertie.
Aontaíom le cuid mhór a scríobhann an Spailpín: nach duine olc é Bertie; gur imir an freasúra calaois nuair a cháin siad é tar éis an toghcháin in áit é a dhéanamh i rith an fheachtais féin; gur iontach é an t-éacht a rinne sé i gcur chun cinn na síochána sa Tuaisceart.
Ach scríobh peann uasal an Spailpín é seo freisin: [nuair a bhí Bertie] ina Thaoiseach bhí an tír níos saibhre ná mar a bhí riamh.
Tá an ráisteas sin fíor, gach aon fhocal de. Go deimhin, bhí Éire ní ba shaibhre nuair a bhí Ahern ina Thaoiseach. Ach ní hionann é sin is a rá gur Ahern féin nó aon rud a rinne sé a ba chúis leis an rath seo. Mar a tharlaíonn sé, is dóigh liom go bhfuil sé deacair lorg Ahern a fheiceáil ar eacnamaíocht na tíre seo ar chorr ar bith.
Islíodh rátaí cánach go mór. Bhí seo ar siúl sula dtáinig Bertie i gcumhact agus ba iad na PDs is mó a raibh sé mar fhealsúnacht acu dearg-ísliú a dhéanamh ar an cháin.
Tá roinnt rudaí seachtranacha freisin a raibh baint acu leis an tíogar: rátaí isle úis san Eoraip, ola ar phraghas íseal, agus borradh mór millteach in eacnamaíocht Mheircéa.
Anuas air sin tá cúiseanna eile taobh thiar den tíogar: an déimeagrafaic a bhí ag baint le hÉirinn sna nóchaidí - go leor den daonra óg, go leor ban nach raibh ag obair ach sásta dul amach ag obair de réir a chéile. Bhíomar ag baint tairbhe as an leathnú mór sa chóras oideachais - borradh ar an líon daoine a chríochnaigh dara léibhéal sna seachtóidí is sa líon daoine a chríochnaigh triú léibhéal sna hochtóidí.
Anois, tá go leor leor rudaí taobh thiar den tíogar, agus tá an lucht eacnamaíochta ag troid faoi go fóíll. Sea, is cinnte go bhfuil an t-uafás cúiseanna taobh thiar de. Fiú amháin an dóigh ar éirigh leis an IDA agus Entreprise Ireland a gceird a fhoghlaim go bhféadfáidís comhlachtaí móra meiriceánacha a mhealladh.
Rud amháin a raibh Ahern páirteach ann: an chomhphairtíocht shóisialta. Arís tá an gaol idir Ahern agus rath na tíre de bharr na comhphairtíochta iontach doiléir. Murach é, an dteipfeadh ar an phróiséas go hiomlán? An féidir bheith cinnte nach mbeadh aontú éigin i gceist? Agus anseo arís tá ceist mhór faoin mhaith a rinne an chomhpháirtíocht de réir mar d'imigh an aimsir. Agus ní bhíonn i gceist ach cuid bheag de cheadatán den GDP gur féidir a rá gur de bharr an phróiséis atá sé.
I dtaca le comhpháirtíocht is cóir a rá freisin go raibh próiséas eile ann, mar atá An Tagarmharcáil (Benchmarking). Is cinnte go neachaigh an próiséas seo thar fóir agus gur chuir sé go mór is go scannalach le costaisí na séirbhíse poiblí. Ní raibh aon chinnteacht ann, nó aon choinníoll go mbeadh na hardaithe móra ag brath go dlúth ar Athleasaithe a bhí (agus atá) ag teastáil go géar. Sa deireadh thiar thall ní dheacaigh an Tagarmharcáil chun leas na tíre.
Mar sin, ní fhéadfainn aontú le mo chara, An Spailpín Fánach, gur cuid d'oidhreacht Bhertie é an tíogar ceilteach. Cosúil le Clinton, agus b'fhéidir Blair, bhí Ahern san áit cheart ag an am cheart ó taobh cúrsaí eacnamaíocht de. Déanfear trácht go deo sna leabhair staire ar an Clinton boom, agus iontu freisin tá seans maith go luífidh Ahern agus an Tíogar Ceilteach san aon abairt amháin. Ach titeann an dearcadh seo ó chéile nuair a amharctar ar na firící le súil ghéar.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment