Thursday 10 January 2008

An Drochshaol san Iaráic

Tugadh le fios dúinn go bhfuil an "Borradh" (Surge) ag obair san Iaráic. Ar bhealach, tá. Tháinig laghdú suntasach ar líon na ndaoine a mairítear gach seachtain de bharr buamaí agus ionsaithe seicteacha. Is léir freisin go bhfuil cúrsaí slándála i bhfad níos fearr i gceanair áirithe i mBaghdad. Mar sin, an bhfuil cúis dóchais ann go dtiocfaidh deireadh leis an chruatán agus leis an anró?

Níl, dar liom. I dtús, níl an Borradh i bhfeidhm i ngach áit. Baineann sé le roinnt ceantar san ardchathair. Anuas air sin níl ann ach beart sealadach. De réir an phlean cuirfear deireadh leis an Bhorradh i lár na bliana seo (bliain an olltoghcháin!) agus laghdófar líon na saighdiúirí arís ina dhiaidh sin de réir a chéile. Nach bhfuil seans maith ann go rachaidh ionsaithe Al Qaeda i dtreise nuair a thosaíonn Saighdiúirí Mheiriceá ag imeacht. Is deacair a chreidiúint nach mbeidh na treallchogaithe ag maíomh gur bhuaigh siad an cogadh.

Ach thar aon rud eile, ní mór tuiscint cé chomh dona is atá cúrsaí faoi láthair don ghnáthdhuine. Is fear é Michael Massing a choinnigh súil ghéar ar an Iaráic ó thús an chogaidh agus a dhéanann sár-iarracht, in aineoinn neamh-shuim na meán cumarsáide, cruachás an ghnáth-Iaráicigh a chur in iúl don phobal. Seo an méid a scríobh sé le déanaí ar an New York Review of Books:

Tá fearg agus gruaim ar an gháthdhuine. Tá siad éadóchasach ar fad faoin todhchaí. Síleann siad go bhfuil an tóin ag titim as an tsochaí ar fad de bharr an fhoréigin, na coiriúlachta agus na brúidiúlachta ó threallchogaithe, mílístí, jihadíthe, sceimhlitheoirí, saighdiúirí, póilíní, gardaí cosanta, buíonta marfacha, tiarnaí cogaidh, agus fuadaitheoirí. Réab na coireanna uafásacha seo saol sóisialta, eacnamaíoch, agus gairmiúil na tíre ó chéile.

Tá sceimhlitheoirí fós ag cur coisc ar dhaoine taisteal ó áit gó háit. Bíonn seicphointí acu ó bhun go bun na tíre taobh amuigh den lear beag ceantar a bhfuil na Meiriceánaigh i réim. Stopann said daoine. Má cheapann said go mbaineann na daoine seo le pobal ar leith, nó go raibh ceangail acu leis na Meiriceánaigh nó le baicle ar leith, cuirtear chun báis iad.

Teitheann go leor daoine a bhfuil oideachas orthu - múinteoirí, dochtúirí, lucht dlí, innealtóirí. S'iad an eagla agus an t-amhras atá i bhfeidhm. Briseadh an tsibhialtacht féin. An t-aon síol amháin atá curtha: an ghráin.

No comments: