Monday 24 September 2007

Poll Dubh sa Chíbear-spás!


Is fada na réaleolaithe ag caint ar dhúphoill (réalta marbha a bhfuil an domhantarraingt chomh láidir orthu is nach féidir leis an solas féin éalú amach uathu). Dá dtéadh duine isteach faoi thionchar na domhantarraingte seo, ní thiocfadh sí (nó sé) amach chuiche. Níos measa fós, fiú amháin dá mba rud é go raibh an té sin fós ina beatha ní bheadh sí in ann scéal a scaipeadh amach chugainn - ní éalódh aon chomhartha raidió ón dúpholl. Ar bhealach, tugann an dúpholl meafar réaltach dúinn don bhás féin.

Ar an chaoi chéanna, creidim féin go bhfuil dúphoill sa chíbearspás. Agus is éasca go deo titim isteach iontu. Titim féin isteach intu go minic. Ní bás an choirp a bhíonn i gceist ach bás an chroí. Bás na meanma más mian leat. Seo an chaoi ar tharla sé domsa.

Tá clár raidió ann gur breá liom go deo é. Gorm na hOíche atá air. Éistim leis go mion is go minic. Tosaíonn sé ag 10.30pm is leanann sé ar aghaidh go dtí 1.00am. Meascán de cheol clasaiceach, de shnagcheol, is de cheol traidisiúnta a bhíonn ann. Ach na rianta roghnaithe ag Paul Herriot agus iad roghnaithe go snasta. Éasca agus álainn ar an chluais. Bíonn an nua ann agus an sean. An rud coitianta is an rud iontach. Tugann Herriot leis thú ar thuras ceoil. Ar thuras anama. Ardítear do chroí in amana. Uaireanta eile bíonn brón uafásach an tsaoil ag cur imní ort. Ach tríd is tríd cuirtear go mór leis an eispéireas saolta in do chroí istigh.

Is iomaí uair a chuala mé Paul ag léamh amach teachtaireacht a seoladh chuig an chlár sa ríomhphost. Fáilte roimh cheist ar bith a bhaineann leis an cheol ar seisean, ní go hannamh. Sheol mé cúpla ceist. Bhí mé ag fiosrú píosa ceoil éigin a d'ardaigh mó chroí. Ach freagra ní bhfuair mé. Uair eile, sheol mé ceist eile. Tada.

Uair eile, bhain mé sult as clár iontach spóirt ar RnaG. Thug mé cuairt ar an tsuíómh idirlíon le tréan áthais le buíochas a ghábháil (agus ceist bheag a chur). Dhoirt mé amach an méid a bhí i mo chroí faoin chlár seo. Chuir mé mo mothúcháin ar fad i bhfoirm focal is sheol mé iad go sásúil. Ach freagra ní bhfuair mé.

An rud céanna le ceisteanna a sheol mé chuig fiche comhlacht eile, idir áisínteachtaí stáit is chomhlachtaí príomháideacha. Tada. Ní hé sin le rá nach bhfuair mé freagra ar bith riamh - ach go minic thit mo chuid iarrachtaí isteach na dúphoill dhamánta úd.

Céard a tharla? D'imigh na ríomhphoist ó mo ríomhaire féin i bhfoirm leictron. Amach ar na sreanganna i dtreo croí-lár an chíbear-spáis. Ach áit éigin ar a mbealach thit siad faoi thionchar dúphoill. Dúpholl cíbearspáis. Tarraingíodh isteach iad agus tá siad i sáin anois in adamh, áit a mbeidh siad go deo na ndeor.

Nach iontach is nach trua é go meallann an teicneolaíocht sinn is go ngéillimid go soineanta. Cuireann sí snaidhm ar ár gcroí, is tarraingíonn sí isteach muid. Spreagann sí ár n-aigne is meallann sí ár gcroí. Agus dóirteann muid amach ár mothucháin go léir, agus súil againn go mbeidh duine éigin ag éisteacht. Ach cur i gcéill atá ann - mar tá an dúpholl ag fanacht, amach sa chíbearspás.

An chéad uair eile a scríobhann tú litir leictronach ag scaoileadh imní nó lúcháir do chroí, cuimhnigh go bhfuil tú mar a bheadh spásaire ann, ag titim isteach i ndúpholl agus í ag scairteadh ina diaidh.

No comments: