Friday 10 August 2007

Páiste Fir!

Saolaíodh mac dom trí lá ó shoin - ar an 7ú lá de mhí Lúnasa. Tháinig sé ar an tsaol ag 17.09 agus é 8.5 punt meáchain. Is deacair an ócáid a chur i bhfocail. Ba chineál catha í an bhreith féin, a mhair uair a chloig (nílim ag caint ar an tinneas clainne a mhair 4 huaire dhéag). Bhí cnáimhseach ann, altra, agus cnáimhseoir. Ba chosúil go raibh chuile dhuine ag troid go dian ar son an pháiste - seachas mé féin, nach raibh ar mo chumas ach iarracht a dhéanamh mo bhean a spreagadh. Ar aon nós, sa deireadh chonaic mé an ceann beag ag teacht, agus faoi cheann cúpla bomaite, baineadh amach an leanbh, is caitheadh suas ar bhrollach mo mhná é. Bheic sé! Bhí sé corcra ar feadh bomaite nó dhó ach de réir a chéile tháinig sé chuige féin is shocraigh sé. Thug mé póg dó, is bhog mo chroí le tréan áthais. Bhí deoir i mo shúile. Níor fágadh focal agam. D'imigh an lucht leighis. Thit draíocht orainn triúr agus muid ag iarraidh aithne a chur ar a chéile mar chlann don chéad uair. Bhí mé féin corraithe chun sonais, bhí mé rud beag trína chéile - faoi mar a bhí mo bhean - ach bhí suaimhneas againn freisin. Bomaite ar leith. Is fada a mhairfidh sé im aigne.

2 comments:

Unknown said...

Comhghairdeas leat agus le do bhean a Fhiche Focal!

Tomaltach said...

Go raibh maith agat!