Thursday 2 August 2007

Paidir

Tá mo chéad pháiste fós gan bhreith - ach, le cuidiú Dé is gearr go mbeidh sí, nó sé, linn.

Inné a bhíomar ag súil léi - samhlaím féin gur beainín atá inti. Faoi láthair tá an créatúr ag streachailt léi i mbroinn mo mhná céile. Tá caidreamh agam léi cheana féin, nó sin a cheapaim. Bíonn mé ag labhairt léi is ag rá amhrán di (nach uirthi atá an t-ádh!).

Seinimid ceol di ó am go chéile. Cé nár bhlais sí den aer, is nach bhfaca sí solas na gréine, is cinnte go bhfuil sí ar an tsaol seo. Is cinnte, go bhfuil sí inár measc. Bogann sí - go tréan is go minic. Éisteann sí. Bíonn an snag uirthi. Sea, tá sí chomh beo inniu is a bheas sí riamh.

Is dóiche go ndéanann sí brionglóid - nó broinnlóid - ar a bhfuil i ndán di amach i dtír iontach an tsolais agus na fuaime.

Guím gach ráth ar an chréatúr, agus tá súil agam nach bhfeicfidh sí na rudaí is duibhe sa tsaol seo agus go mblaisfidh sí a sáith den áthas. Is cinnte go mbrisfear a croí ach tá súil agam go bhfaighidh sí faoiseamh. Feicfidh sí pian - ach guím go mbeidh clann is cairde ag a taobh leis an chuid is measa a leigheas.

Agus tá súil agam gur fada an bealach a bheis aici ar an tsaol seo is go n-ólfaidh sí dá áilleacht. Is tá súil agam go gcasfaidh daoine cneasta uirthi ar an tslí. Tá súil agam go gcluinfidh sí ceol rúndiamhair an tsaoil.

Tá súil agam do dtitfidh sí i ngrá. Is go ndéarfaidh sí paidir dá páiste féin sula dtiocfaidh sé amach chuig an tír a bhfuil briseadh croí is sonas ann.

No comments: