Wednesday 22 August 2007

Cuir Deireadh leis an Ghaeltacht!


In ainm Dé cén fáth a leanaimid ar aghaidh leis an Ghaeltacht? Sé sin, cén fáth a nglacaimid le polasaí nach bhfuil ach fantaisíocht shoch-theangeolaíoch taobh thiar de? Sibhse ar grá libh an teanga, nó sibhse ar mhaith libh a caomhnú, ba chóir go mbeadh sibh ag scairteadh in ard bhur gcinn ar an rialtas deireadh a chur leis an Ghaeltacht faoi mar atá sí inniu. Ba chóir go mbeadh sibh ag impí ar an rialtas coincheap na Gaeltachta mar limistéar geografach a chur ar leataobh mar bheartas.

Ar a laghad ba chóir an limistéar a leasú. Sháinmhíníodh an limistéar Gaeltachta, faoi mar atá sé inniu, thart ar 50 bliain ó shoin. Bhí siad flaithiúil go leor an uair sin go fiú. Fágadh go leor leor paróistí sa Ghaeltacht nach raibh móran Gaeilge á labhairt iontu. Is uafásach an meath atá tágtha ar chúrsaí ó shoin.

Mar sin, teorainn cheart í teorainn na Gaeltachta: nuair a théann tú thairsti, téann tú isteacht i dtír na fantaisíochta. Tugann tú cúl don saol dáiríre agus tugann tú cuairt ar bhroinglóid ina bhfuil Gaeilge shaibhir líofa á labhairt ag páistí, áit a mbíonn seanfhir ag beannú a chéile i seanteanga na nGael, tír na draíochta a bhfuil filíocht agus seanchas i mbéal gach duine. Níl ann ach siabhrán rómánsúil.

Sa chuid is mó den Ghaeltacht, ní chloisfidh tú a oiread Gaeilge is a chloisfidh tú d'Urdu. In ainneoin sin, cuirtear deontais ar fáil is maoinítear tógra ann mar "thacaíocht don teanga". Cur amú airgid atá ann.

Scaipeann Údarás na Gaeltachta deontais ar chomhlachtaí a lonnaítear ar an taobh cheart den líne dhraíochtach seo, faoi mar a bheadh siad ag scaipeadh sneachta. Agus titeann deontais tithíochta isteach i lámha na ndaoine ar nós 's cuma liom. De réir dlí, caithfidh siad cur in iúl go dtógfaidh siad a gclann trí Ghaeilge, ach tá a fhios ag an tsaol nach bhfuil ann ach cur i gcéill.

Tá aithne agam féin ar dhaoine a fuair na deontais seo. Tá níos mó spéise acu i bhfilíocht na Síne ná mar atá acu sa Ghaeilge.

Is ar an gcaoi seo a gcuirtear acmhainní ganna amú. D'fhéadfaí iad a chur ar obair ar bhealach eile ar son na teanga. Ach níl ann ach cluiche beag polaitiúil. Spreagann an chaimiléireacht seo an tsoiniciúlacht i dtaobh na teanga atá ag fás in aghaidh an lae.

Céard a deireann na heagraíochta Gaeilge i dtaobh na calaoise seo? Tada. Faic. Cén fáth nach bhfuil siad ag impí ar an rialtas an polasaí a athleasú? Cad chuige nach bhfuil siad ag gearán faoin chur amú airgid?

Ceist: Cén fáth an ciúnas seo? An Freagra: Tharraingeodh an fhírinne aird ar stáid na Gaeilge sa Ghaeltacht - go bhfuil sí ar an dé deiridh.

De réir mar a thuigim rinneadh stáidéar le déanaí ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá sé faoi bhráid an Aire Ó'Cuiv faoi láthair. Ach tabharfaidh mé buile faoi thuairim ar céard a dhéanfar leis. Go leor cainte is cabaireachta faoin Ghaeilge, ach dheamhain athrú a fheicfear.

Leanfar leis an bhréag go bhfuil an teanga faoi bhrú ach ag streachailt léi. Leanfar leis an cur i gcéill gurb í an Ghaeltacht croílár agus todhchaí na Gaeilge agus go bhfuil gach tacaíocht riachtanach agus tuilte. Leanfaidh na heagraíochtaí Gaeilge ag cur a gcuid ama féin is airgead na tíre amú.

Mura mbrisfear an bhréag seo, ní thiocfaidh deireadh ar mheath gasta na Gaeilge.

Féach an t-alt "Death of the Irish Language"

2 comments:

Shitty Bill said...

Cac Briste!

Cuir deireadh le raiméis Fiche Focal more like!!

Tomaltach said...

A Liam a' chaca, sea, d'éirigh go maith leis an pholasaí sin an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga phobail!