Chualamar na scéalta céanna fiche uair: go bhfuil an Ghaeilge ar shéala bheith marbh sa Ghaeltacht mar theanga phobail, go bhfuil deighilt mhór idir phobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lucht Gaeilge na gcathracha, agus gur orthu siúd, Gaeilgeoirí na mbailte, a bheidh todhchaí na Gaeilge ag brath. Bhí na barúlacha seo le cluinstin ó thús ré na hathbheochana i leith agus, má choinnigh an Ghaeilge ag meath mar theanga phobail, mhair sí i mbéal na ndaoine sa Ghaeltacht. Glactar go forleathan anois, áfach, go bhfuil stáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ina géarchéim teanga.
Murar féidir a rá go bhfuil fíor-dhíospóireacht náisiúnta ar siúl faoi láthair faoi thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta (ní dóigh liom go mbeidh a leithéid de dhíospóireacht ann feasta), tá an réadúlacht agus an t-ionracas le sonrú anois san áit a mbíodh an siabhrán agus an séanadh. Faoi dheireadh tá daoine ar spéis leo cás na Gaeilge ag dul i ngleic leis na fíricí loma.
An rud is suntasaí faoin phlé a dhéantar ar an Ghaeilge le blianta beaga anuas ná go bhfuiltear ag cur eolas na teangeolaíochta chun tairbhe, go hairithe an méid a bhaineann le teangacha atá i mbaol, nó go fiú, an tuiscint a bhaineann le bás teangacha. Ba chúis mire é an chaoi a mbíodh daoine ag dul i muinín fhigiúirí an daonáirimh ar úsáid na Gaeilge chun cur i gcéill go raibh an teanga ag seasamh an fhóid.
Tá stáid na teanga sa Ghaeltacht geal soiléir faoi láthair. Seo an méid a bhí le rá ag an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch :
“Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliana agus scór blianta fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht”
B’fhíor don Dr John Walsh “géarchéim teanga” a thabhairt ar chás na Gaeilge sa Ghaeltacht san alt leis a foilsíodh ar beo.ie roimh an Nollaig. Agus ní iontas ar bith é gur scríobh Seán Tadhg Ó Gairbhe ar an Irish Times le déanaí gurb ann do “bhliain chinniúnach na Gaeilge”.
Ón uair a thuig mé go raibh an Ghaeilge i mbaol is iomaí uair a smaoinigh mé ar an chuma a shíl mé a bheadh ar dheireadh na Gaeltachta. Ar an cheo ar fad a bhain le cás na Gaeltachta le blianta, sílim anois go n-aithním dé deireadh na Gaeilge mar theanga phobail. Don chéad uair tá an cainteoir dúchais ag sleamhnú as amharc i bpolasaí teanga an stáit. San alt céanna le Ó Gairbhe fiafraíonn sé “cad a d’imigh ar an gcainteoir dúchais, duine go mbíodh an-chaint go deo air i dtuarascálacha fadó?”. Tháinig an cheist chuige nuair a thug sé faoi deara nach bhfuil táisc ná tuairisc ar an chainteoir dúchais i nDréachtstraitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a d’fhoilsigh an Rialtas i mí na Samhna, 2009.
Ní hionann é sin is rá ar ndóigh nach bhfuil cainteoirí dúchais fós ann. Tá gan amhras, buíochas do Dhia. Ach is cosúil anois go bhfuil tús áite caillte ag an Ghaeltacht maidir le todhchaí na teanga.
Ó thús ré na hathbheochana bhí teannas agus míthuiscint idir mhuintir na Gaeltachta agus lucht foghlamtha na teanga sa Ghalltacht. Má bhí ceannródaithe na Gaeilge sna cathracha dílis agus díograiseach, bhí siad rómánsach agus idéalaíoch freisin. Ba bheag an tuiscint a bhí acu ar an anró a bhí á fhulaingt ag lucht an tsaibhris teanga a bhí scaipthe i measc na gcnoc lom sna háiteanna is iargúlta in iarthar na tíre. Bhí bearna mór cultúrtha eatarthu freisin. Bhí an sean-traidisiúin fós beo sa Ghaeltacht fad is a bhí an nua-aoiseachas ag bualadh na gcathracha.
Bhíothas ag súil an t-am sin go ndúnfaí na bearnaí seo faoi dheireadh. D’fhéadfaí na síolta is áille agus is mó luach den traidisiúin a shábháil sa Ghaeltacht agus a chur sa Ghalltacht (smaoiním ar dhearcadh De Valera). Agus d’fhéadfaí an chuid is éifeachtaí agus is iontaí de shaol nua na mbailte a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta (monarchana, teilifís, cumarsáid). Ní raibh a fhios áfach cén chaoi a d’imreodh na hathruithe casta sin ar a chéile ó thaobh cúrsaí teanga de. Tá tuiscint níos fear anois ann ar cheisteanna sóch-theangeolaíochta, agus tuigtear go mbíonn brú millteanach ar mhion-teanga nuair a chuirtear gréasáin nua (bóithre, fón, idirlíon) in áit na sean-ghréasáin (idir dhaoine muinteartha, inmheánach don phobal).
Is léir anois nár éirigh linn deireadh a chur le meath na Gaeltachta. Is léir freisin nár éirigh linn an deighilt idir mhuintir na Gaeltachta agus Gaeilgeoirí na gcathracha a fhuascailt. Léiríonn alt spéisiúil leis an Dr Brian Ó Broin (Irish Times 16 Eanáir) go bhfuil bearna mór teanga idir chainteoirí dúchais na Gaeltachta agus chainteoirí cumasacha na gcathracha.
De réir Uí Bhroin is gránna le cainteoirí dúchais Gaelscoilis na mbailte. Is minic a bhrúnn siad cnaipe an rialaitheora nuair a thosaíonn cainteoir a d’fhoghlaim a chuid Gaeilge ag caint ar an teilifís. Ní thaitníonn Gaeilge na Gaeltachta le go leor foghlaimeoirí ach an oiread. Dar le Ó Broin tá an chaint dhúchasach deacair dothuigthe i gcluasa an fhoghlaimeora.
Rinne Ó Broin anailís ghrinn theangeolaíoch ar shamplaí de chaint na gcathrach agus de chaint na Gaeltachta. Dar léis tá difríochta móra foghraíochta, deilbhíochta, gramadaí, agus comhréire idir an dá chineál Gaeilge. Tharla an éabhlóid seo de bharr a laghad teagmhála a dhéanann an dá phobal lena chéile agus dar le Ó Broin d’fhéadfaí ‘pidsean’ a thabhairt ar an teanga nua atá i mbéal mhuintir na cathrach. (Teanga neamhsheasmhach le gramadach shimplí agus a cruthaíodh in áit na mbonn chun cumarsáid a dhéanamh is ea pidsean).
Ba é an fhís a bhí ag lucht na Gaeilge i gcónaí ná go mbeadh an Ghaeltacht ina thobar ag foghlaimeoirí agus gur ó chaint na Gaeltachta a bhfaighidís an saibhreas agus an snas. Is léir nár tháinig an fhís sin i gcrích.
Mura féidir le foghlaimeoirí saibhreas, iomláine, agus áilleacht theanga na Gaeltachta a thabhairt leo, an fiú an Ghaeltacht a chaomhnú ar chor ar bith? Nó an é go mbeadh Gaeilge na gcathracha ní ba bhoichte fós murach an Ghaeltacht bheith ann? Nó an bhfeidhmíonn an Ghaeltacht ar leibhéal eile in intinn an fhoghlaimeora, go seasann sí mar bhun-chloch faoi choincheap éigin a bhaineann le féidearthachtaí teanga, sé sin gur mó an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeltacht atá i samhlaíocht an fhoghlaimeora ná a bhaineann leis an fhíor-Ghaeltacht féin?
Mairfidh Gaeilge éigin ag cainteoirí aonáracha ar fud na tíre, ach is dóigh liom féin gur beag seans atá anois ann go dtiocfaidh an Ghaeilge slán mar theanga phobail. Goilleann sé go mór orm an méid sin a rá. Is iomaí uair a smaoinigh mé ar cén cineál báis a cheap mé a bheadh ag an Ghaeilge. Ag amharc ar na léarscáileanna a léiríonn na limistéir a raibh an Ghaeilge beo iontu ón naoú haois déag i leith, samhlaítear dom i gcónaí leac mhór oighir ag leá. Níl fágtha den leac anois ach giotaí beaga atá fós ag leá agus tá teas an Bhéarla, mar theanga dhomhanda, ag scalladh fúithi níos tréine na mar a bhí riamh. Is gearr nach mbeidh againn ach lochán uisce.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
2 comments:
Mar a deir Aidan Matthews sa dán 'The Death of Irish':
The tide gone out for good,
Thirty one words for seaweed
Written on the foreshore.
Is deacair an rud é do thuairimí eolacha a léamh a Thomaltaigh agus deacair duitse is cosúil fosta glacadh leo mar fhíricí an lae inniú. An Ghaeilge imithe mar theanga phobail.. ach fágtha i bhfoirim éicint sna bailte... bíonn sé deacair uaireanta ach cloímse i gcónaí le dóchas, más soinneata an dearcadh sin nó ná fuil.
Post a Comment