Tuesday 16 June 2009

An Léitheoireacht agus Imní Fáisnéise

Uaireanta buaileann imní fáisnéise mé. Im' shúile, téann an domhan i méid, é ag fás agus ag borradh faoi mar a bheadh mórtas farraige ann. Agus tchím mé féin ag sleamhnú go tóin poill agus balla uisce ag briseadh orm, agus mé á bhá ag an aineolas agus ag oll-líon na gceisteanna.

Nuair a thagann an bhail sin orm is ionann mé agus duine nach bhfuil ach seal beag fágtha aige agus é faoi bhrú a oiread eolais agus is féidir a chur ar an tsaol. Brú ama atá i gceist. Sílim go gcuirtear ina luí orm na babhtaí sin go bhfuil saol an duine teorannta, go bhfuil deireadh leis, i mbeagán focal, go bhfuil an duine básmhaire.

Agus mé buailte ag an imní fáisnéise téim ar thóir an eolais mar bheadh fear mire ann. Ní féidir liom siopa nuachtáin a fhágáil gan gach nuachtán a bhfuil acu a cheannach. Braithním ar na hirisí, agus dar liom, bíonn fáisnéis agus eolas in achan cheann acu atá de dhíth orm. Ní hea go bhfuil an t-eolas seo spéisiúil - tá sé riachtanach. Gheobhainn bás gan é!

Smaointím ar fhiche réimse eolais a bhfuil spéis agam iontu nó atá tábhachtach chun mion-eolas a chur ar an tsaol - ar an chruinne, ar stair an duine, ar bhealaigh an tsaoil: an stair, an eolaíocht, an tsocheolaíocht, an pholaitíocht, an eacnamaíocht, an t-airgeadas, agus ábhair eile nach iad. Ceol, cultúr, cócaireacht. Matamaitic, tíreolas, teangacha. Agus sa deireadh caillim smacht ar m'intinn féin, bíonn an t-easnamh ar m'eolas ró-mhór, agus briseann an balla uisce orm, agus ansin, caithim seal, cúpla lá gruama, ag smaoineadh go bhfuil teipthe orm mar dhuine. Agus sa deireadh, de réir a chéile, éiríonn an ghrian, scaipeann na scamaill, agus tagann lonrú ar an tsaol arís.

Is ansin, agus loinnir ar an domhan, a thuigim nach féidir 'an t-iomlán' a thusicint. Agus níos fearr, gurb í an fhoghlaim an rud is tábhachtaí, agus ní an t-eolas féin : an turas seachas an ceann scríbe.

Caithim amach na nuachtáin (go minic, nár léigh mé), agus fágaim na leabhair fháisnéise, nó neamh-fhicsin ar leataobh. Agus déanaim an rud a mhol cara liom : "má tá tú ag iarraidh eolas a chur ar an tsaol nó ar an duine, léigh leabhar maith ficsin nó filíochta". B'fhíor dó.

Sin an rud a rinne mé cúpla mí ó shoin nuair a chuir mé an babhta d'imní fáisnéise tharam. Agus léigh mé rudaí a chuir iontas agus gliondar ar mo chroí: The Great Gatsby, Leaves of Grass, The Scarlet Letter, Stepping Stones, Out Stealing Horses, Cúirt an Mhéan Oíche, agus Huckleberry Finn.

1 comment:

Mise said...

Sea, is fíor do do chara ar bhealach maidir le heolas a chur ar an saol trí fhicsean nó trí fhilíocht mhaith. Is dócha gur é an bunús atá leis sin ná go bhfaigheann tú eolas an údair agus é scagtha trína thaithí saoil, sé sin go bhfaigheann tú buntáiste a chuid strácála féin leis an bhfaisnéis agus thairis sin a chuid tuisceana daonna féin uirthi. Ach, é sin ráite, ní mór beagán a bheith le rá ag duine maidir le cúrsaí an lae chun rotha mór an tsaoil a choinneáil ag imeacht.