Monday 3 November 2008

Maith Dom, A Theanga

A theanga, atá sínte, maith dom
as thú a thréigint in uair an anáis.
Chaith mé mo chuid ama
faoi dheifir i gcroílár an anoird,
ag iarraidh an saol a chur le chéile.

lig mé an fhoghlaim le sruth,
agus lig mé an seanrún i ndearmad.

Nuair a chuala mé seanfhear ar Barrscéalta*,
arb as na Cruacha** dó,
ag déanamh spraoi,
agus ag inse scéalta agus seanchais,
a chuid focal báite sa dúchas,
a chuid siollaí ag iompar na hoidhreachta,
thit an draíocht arís orm,
an suan agus an mhuscailt araon.

Táim ar ais ag do thaobh, a theanga,
mothaigh m'anáil ar do leiceann,
Éist le mo rún i do chluais,
gach cogar a rugadh sa chroí,
á sheoladh mar ualach amach
is ag cuartú d'anam' istigh.


*Barrscéalta - Clár ar Raidió na Gaeltachta
*Na Cruacha - leagan gearr de Na Cruacha Gorma, (The Bluestacks) Sliabhraon i dTír Chonaill

No comments: