Friday 26 October 2007

I gCuimhne ar Shéamas Mhicilín Ó Cualáin (1923-2006)– Múinteoir agus Cara


Chuir mé féin aithne ar Shéamas Ó Cualáin i bhfómhair 1992. Sa dara bliain in Ollscoil na Gaillimhe a bhí mé san am agus rún agam freastal ar ranganna Gaeilge. Ní raibh agam ach Gaeilge lag agus chuir sé imeagla orm bheith ag dul isteach i rang nach mbeadh ach an Ghaeilge á labhairt ann. Chuaigh mé chuig an chéad rang le mo chroí i mo bhéal. Séamas Ó Cualáin a bhí ina bhun.

Cé gur labhair mo mhúinteoir nua go breá soiléir, bhí deacrachtaí agam é a thuiscint in amanna, de bharr a laige is bhí mo chuid Gaeilge. Ach bhí stíl ar leith múinteoireachta ag Séamas a chuir ar mo chompórd mé gan mhoill. Faoi cheann roinnt seachtainí bhí mé tugtha don Ghaeilge agus níos fearr fós bhí cara nua ar m’aithne.

Ba chumasach agus b’éifeachtach an múinteoir é Séamas. Bhí plean leagtha amach aige do na ranganna i gcónaí is bileogaí úsáideacha réidh aige. Dhírigh sé a aird ar cibé lochtanna a bhí ar chumas an fhoghlaimeora. Ní ba thábhachtaí fós ab ea an caidreamh a bhí aige leis na mic léinn. Bhí meas ag daoine air cionn is gur thuig siad go raibh eolas a cheirde aige. Ach thar aon rud eile bhain daoine sult as na ranganna. Idir scéalta grinn agus chuile chineál diabhlaíochta, bhain sé gáire as a chuid daltaí i dtólamh.

An bhliain dar gcionn thosaigh mé ar an Dioplóma sa Ghaeilge. Bhí Séamas ag teagasc in Áras Mháirtín Uí Chadhain, An Cheathrú Rua, ar dhianchúrsa a bhain leis an dioplóma sin. Le himeacht na haimsire d’éirigh mé mór le Séamas.

Thugainn cuairteanna air ina theach cónaithe ar an Spidéal. “Glór na dTonn” a thug sé ar an teach atá suite ar an chladach ar bhruach an tsráidbhaile. Bhínn ag súil go mór leis na cuairteanna céanna. Nuair a bhí sé i mbarr na sláinte, chuireadh sé fáilte romham ag an doras agus é gléasta go slachtmhar. Thráchtamar ar chuile chineál ábhair – cúrsaí polaitíochta, stair na hÉireann, agus ar ndóigh, cúrsaí peile. B’iontach an bród a bhí aige as imreoirí na Gaillimhe – peil agus iomanaíocht, cé go gcreidim gurbh fhearr leis an pheil í gcónaí. D’fhreastail sé ar na ‘trí cinn as a chéile’ a bhain na Gaillimhigh sna seascaidí. Ach b’iomaí uair a thug sé cuairt ar Pháirc a Chrócaigh roimhe sin, agus dar fia, b’iomaí uair ina dhiaidh. Bhí spéis ar leith aige i liathróid láimhe, cluiche a d’imir sé féin ina óíge, agus de réir mar a thuigim ba bheag nár bhain sé craobh na hÉireann nuair a bhí sé i mbarr a réime.

Nuair a chuireadh sé tús le caint is le scéalaiocht ba dheacair stop a chur leis! Is iomaí bus soir ón Spidéal a chaill mé cionn is gur fhan mé ró-fhada ag éisteacht leis. Bhí tíomaint aige an uair sin agus thabharfadh sé isteach go Gaillimh mé sa ghluaisteán dá gcaillfinn an bus. Roinnt blianta ina dhiadh sin, chaill sé an cumas tíomana, ach shiúlfadh sé amach chuig an gheata i gcónaí le slán a fhágáil liom.

Fuair mé cárta Nollag uaidh chuile bhliain. ‘Céad slán le Béal Átha Seanaigh mar ar rugadh is ar tógadh mé’ a bhíodh scríofa aige ar chlúdach na litreach. Leagan Gaeilge de dhán Allingham. Is i mbaile dúchais an fhile seo, Béal Átha Seanaigh, a chuaigh mé féin ar scoil. Bhíodh nathán ag Séamas do chuile ócáid.

Bhuail tinneas é cúpla bliain ó shin agus chuaigh sé in olcas i dtús shamhradh na bliana a chuaigh thart. Chuir mé scairt ar an chréatúr tamall beag sular bhásaigh sé agus bhí sé soiléir go raibh sé ag fulaingt. Ní raibh an greann le cluinstean ná an fuinneamh le mothú.

Chuir sé brón ar mo chroí nuair a chuala mé gur shleamhnaigh sé amach ar shlí na fírinne ar an 26ú lá de Lúnasa na bliana sin. D’fhulaing sé cuid mhór sna míonna deireannacha, ach choinnigh sé leis go cróga. Fear cráifeach ab ea é - rud, sílim, a chuidigh go mór leis nuair a theip ar a shláinte.

D’fhreastail mé ar a shochraid ar an Spidéal – bhí cónaí air faoi fhad urchair chloiche den Séipéal. Aifreann álainn a bhí ann. Bhí pobal mór i láthair, idir óg is aosta, idir lucht na Gaeilge is lucht peile, idir iar-mhic léinn is iar-chomharsana. Aithním Séamas go cruinn i bhfocail an tsagairt le linn a sheanmóra: fear uasal agus fear dílis, fear a roinn a chuid eolais agus a chuid ama, go fial flaithiúil. Chuirfinn féin cúpla focal leis sin: greann agus daonnacht.

Tar éis an aifrinn, siar linn go mall go dtí reilig an Indreabháin áit ar leagamar ár gcara i gcré Chonamara. Tá an suíomh go hálainn - cois farraige ar bharr cnoic. Má tá saol eile ag spiorad Shéamais, faoi mar a bhí ag na mairbh i scéalta Uí Chadhain, beidh sé lán sásta ag amharc amach ar chontae an Chláir is ar na hoileáin Árann is é ag éisteacht le Glór na dTonn.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.

4 comments:

Proinsias said...

Agus is cailliúnt trom é, don Ghaeilge, bás a leithéidí. N'fheadar an bhfuil cothrom a leithéidí ag teacht aníos ins an lá atá inniu ann? Bíonn múinteoirí den scoth, le Gaeilge, go háirithe, deachair a lorg i gcónaí.

Ní raibh aithne agam air, ar ndoigh, ach mothaím an chailliúint don Ghaeilge, mar sin féin.

Ar dheis Dé go raibh a anam.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Píosa an-deas é sin a scríobh tú faoi do chara, ba thionchar mór é fút ach gan dabht bhí tusa tábhachtach ina shaol chomh maith.

Unknown said...

Scríofa go fileata agat ansin a Thomaltaigh. Cha raibh aithne agam air ach is léir gur laoch Gaeil a bhí ann.

Vince said...

Over at the Spailpins place, the fellow seems to be on the horns of a dilemma, what with the lack of space and the number of the books. Rather than moving to a bigger gaff, he should think in terms of the basement stacks of the Hardiman. They are double-sided and move into one another. So, 10*9*3 converts into 540 feet of shelf-space or 5400ish books. Where the 10 is a section of wall by a window, the 9 is the height of said wall and the 3 is the depth of the shelf, and if done with a little flare and good wheels will be not much bigger than a built-in w-robe. While the distance 'tween shelfs is dependent on the size of the crew, but the average window gives that to most. A word of ..., A short History of BYZANTHIUM by John J Norwich is 590g, so *5400 gives a tidy sum. Best to be on something solid.