Friday 27 May 2011

Cuairt na Banríona: Éire agus Sasana

Ba bheag an tsuim a léirigh muintir na hÉireann sa scéal nuair a fógraíodh go dtabharfadh Banríon Shasana cuairt ar an tír seo. Rinneadh trácht ar an chuairt i bhfad siar, bhí a fhios ag daoine go raibh sí le teacht, ach shíl formhór na ndaoine nach leanfaidís an scéal agus nach gcuirfidís iontas nó spéis ar bith sa chuairt nuair a tharlódh sé. Ach i rith na laethanta beaga roimh theacht na banríona, thosaigh na daoine ag caint. Uaireanta ní raibh i gceist ach focal grinn, ach ba léir go raibh daoine ag cur suime sa scéal i ngan fhios dóibh féin. Faoin am a leag Banríon Eilís a cos ar an fhód Fódhlach ní raibh scéal ar bith eile i mbéal na ndaoine.

Thuig an tír gur stairiúil an ócáid í. Bhí a fhios ag daoine nár thug monarc Sasanach cuairt ar Éirinn le céad bliain, agus bhí a fhios acu cén fáth: cogadh na saoirse, an cogadh eacnamaíoch, diúltú DeValera páirt a ghlacadh sa dara cogadh Domhanda (cé gur chuidigh sé leis na Sasanaigh ó thaobh na faisnéise de), agus ansin, an choimhlint fhuilteach i dTuaisceart Éireann. Is beag duine atá os cionn daichead bliain d’aois nach bhfuil íomhánna gránna ón Tuaisceart greamaithe i gcúl a intinne. Is cuimhin leis an ghlúin chéanna an chaoi ar chlis go hiomlán ar an chaidreamh idir rialtas na hÉireann agus rialtas Shasana i dtús na coimhlinte. Bhain sé tamall fada uathu teacht ar chomhthuiscint ar na cúrsaí seo.

Táimid ag leanstan próiseas na síochána le fada an lá: an Comhaontú Angla-Éireannach 1985; sos-chogadh an IRA 1994; Comhaontú Aoine an Chéasta 1998; díchoimisiúnú airm an IRA 2005, Paisley agus McGuinness mar chéad aire agus mar leas-chéad aire 2007. Mar a thug an tUachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa, sliocht as saothar Yeats san óráid ag an chóisir in onóir na banríona “is go mall séimh a thagann an tsíocháin”.

Ba dheimhniú do mhuintir na hÉireann í cuairt na banríona go bhfuil deireadh leis an choimhlint agus an síor-achrann. Chuir an chuairt seo ina luí orainn go raibh toradh leis an obair chrua a rinne ceannairí stáit agus ceannairí pobail síos fríd bhlianta deacra na nochaidí.

Is léir, áfach, go raibh ní ba mhó na cúrsaí síochána agus polaitíochta i gceist. Tá stair fhada an dá thír fite fuaite le chéile. Le míle bliain tá daoine ag dul anonn is anall idir an dá thír, agus ag réanna áirithe bhí cuspóirí éagsúla ar intinn acu: an t-ionradh, an coilíneachas, an ghabháil, nó, nuair nach raibh an lámh láidir i gceist, an creideamh, an t-oideachas, an trádáil. Ar an drochuair ba mhinice muintir na hÉireann thíos leis na hidirghabhála seo. Suaitheadh an tír seo ó bhun go barr. D’fhulaing na dúchasaigh dí-shealbhú, dí-láithriú cultúrtha, agus i bhfad ní ba mheasa fós.

Bhí sé de mhí-ádh againn gur tháinig ann don impireacht ba mhó dá raibh ann riamh ar an oileán beag in aice linn. Agus bhain ceannairí na himpireachta sin máistreacht amach ar chuid mhór den domhain ar fad.

Ar ndóigh bhain an tír seo sochar as an impireacht fosta. Ba fríd impireacht Shasana a rinneamar ár mbealach ón mheán-aois go dtí an nua-aois. Ba dhian an turas é, ach bhí sé amhlaidh i mbeagnach gach tír ar domhain. Thug na Sasanaigh innealra an stáit nua-aoisigh dúinn; thug siad an dlí dúinn; thug siad an teicneolaíocht agus an t-eolas dúinn; thug siad córas oideachais dúinn; thug siad bonn-eagar dúinn; agus thug siad an teanga is tábhachtaí ar domhan dúinn.

Ní iontas ar bith é gur fhág an stair sin dearcadh ar leith ag muintir na hÉireann i dtaobh na Sasanach: an ghráin agus an t-éad gan amhras, ach ceann is go raibh an impireacht an-mhór agus go raibh sí fíor-chéimlathach, fágadh coimpléasc na hísleachta orainn mar phobal. Ní iontas ar bith é nach mbíodh fáilte sa tír seo roimh mhonarc Sasanach. Seo é an cúlra stairiúil ar ndóigh, agus ní féidir a rá go mothaíonn pobal na hÉireann gráin do phobal Shasana sa lá atá inniu ann, nó le fada an lá. Ach bhí iarsmaí de na sean-mhothúcháin fós ann.

Daichead bliain i ndiaidh chogadh na saoirse bhí an tír seo fós ag brath go mór ar Shasana ó thaobh cúrsaí geilleagair de. Mar thír bheag ní raibh dlúth-chaidreamh againn le haon tír mhór eile. Sin é an fáth gur chuireamar a oiread suime sa Phobal Eorpach i dtús báire. Cheapamar go gcuideodh ballraíocht sa PE linn éalú sa deireadh as bheith ag brath ar an tsean-namhad. D’éirigh thar cionn leis sin mar straitéis: ba fríd an aontas Eorpach a thángamar in aibíocht mar thír. Thosaíomar ag brath orainn féin mar phobal nua-aoiseach eile, amhail gach pobal eile ar fud na hEorpa.

Má bhí Éire ag athrú le tríocha bliain anuas – go cultúrtha agus go sóisialta go háirithe – cuireadh malairt crutha ar an Ríocht Aontaithe fosta. Tháinig deireadh le hiarsmaí na himpireachta. Chuir na pobail cheilteacha eile – in Albain agus sa Bhreatain Bheag – a gcuid féiniúlachta chun cinn. Tá ar a laghad seans ann go bhfágfadh Albain an Ríocht Aontaithe. Tá scothaicme Shasana ag teacht isteach ar an stádas nua atá ag an Ríocht Aontaithe, is ea nach bhfuil anois inti ach scoth-thír atá ag streachailt leis na hathruithe móra cumhachta atá ar bun ar fud an domhain.

Is tráthúil a tháinig an Bhanríon. D’fhág an ghéarchéim eacnamaíoch in ísle brí sinn. Tá deacrachtaí móra againn leis na tíortha móra Eorpacha. Agus arís eile tá aos óg na tíre seo ag dul thar lear ina mílte – cuid mhór acu go Sasana. Chuir cuairt na Banríona ina luí orainn gur tír neamhspleách í Éire fós, bíodh is go bhfuil dualgais ar leith uirthi. Táimid báite i bhfiacha, ach nílimid faoi chois.

Is dócha go bhfuil rian an dearcaidh a bhain leis an impireacht fós le mothú i measc scoláirí Eton nó i gcoláistí Oxford. Agus is cinnte go bhfuil corr-dhuine i Whitehall agus i Westminster a bhfuil gothaí na huaisleachta fós air. Má fuair Sasana ísliú céime le glúin anuas, tá sí fós i bhfad níos cumhachtaí na an tír seo. Ní bheidh an tír seo ar chomh-chéim le Sasana choíche agus beidh caidreamh aon-taobhach idir an dá thír.

Ach thug cuairt na banríona le fios go bhfuil meas ag an dá thír ar a chéile ag leibhéal oifigiúil. “A Uachtaráin agus a chairde” – níor labhraíodh cúig fhocal Gaeilge riamh a raibh a oiread tábhach ag baint leo. In aon abairtín amháin, d’aithin Banríon Shasana go bhfuil a mbunreacht féin agus a gcultúr féin ag muintir na hÉireann. Murar féidir cairdeas bheith ann idir dhá thír, is féidir cairdeas, nó gean éigean, bheith idir dhá phobal. Agus d’fhéadfadh sé tarlú fós go mbeadh ár sean-namhad ar an chara ba dílse againn.