Friday 14 August 2009

Saoire in Éirinn


An bhliain seo caite thug mé féin, Bean Thomaltaigh agus Mac Thomaltaigh, thug an triúr againn cuairt ar Iar-Thuaisceart na Fraince. Ligeamar ár scíth i mbaile beag cois farraige ar feadh coicíse. Thug mo thuismitheoirí cuairt orainn don dara seachtain - faoi mar a rinne tuismitheoirí mo mhná le linn na chéad seachtaine. Bhaineamar go léir an-sult as.

Ach i mbliana ní rachaimid thar lear. Fanfaimid ar an tseanfhód - ar feadh coicíse. Tá fúinn cuairt a thabhairt ar oirthear na Gaillimhe ar dtús (ón lá amárach). Thart fá Ghleann na Madadh a bheas muid - ceantar dúchais bhean Thomaltaigh. Áit bhreá chiúin le scíth a ligean. Iar-fheirmeoir é athair bhean Thomaltaigh agus tá eallach aige fós, cé nach bhfuil i gceist ach cupla ceann chun deis a thabhairt dó leannacht lena shean-cheird. Tá dúil mhór ag mac Thomaltaigh sna hainmhithe agus cuirfidh an chuairt seo gliondar ar a chroí (níl ag an chréatúr ach dhá bhliain d'aois).

Is deas an rud é freisin seal a chaitheamh i gcuideachta daoine a bhfuil táithí an tsaoil acu, go háirithe daoin muinteartha. Is breá an fear é athair bhean thomaltaigh agus é i mbun scéil (rugadh é sa bhliain 1933 agus ar ndóigh tá cuimhne mhaith aige ar Eirinn a d'imigh uainn ó shin). Agus tabharfaidh mathair mo mhná cúram maith dúinn fosta. Bean bhródúil bhríomhar í agus nós aici béilí breátha a réiteach.

Ina dhiaidh sin tabharfaimid cuairt ar Chathair na dTreabh, áit a mbuailfimid le sean-chairde, daoine ar chuireamar aithne orthu nuair a thugaimis 'baile' ar an chathair chéanna. Ní thugaim cuairt ar an chathair sin gan smaointiú ar na seanlaethantaí - sé sin, laethanta móra geala m'óige. Caithfimid béile i gceann de na bialanna is fearr sa chathair (más féidir) agus, le cuidiú Dé, ólfaimid pionnta nó dhó i gcuideachta Na Guí Aniar agus a bhean. Daoine a chuireann fearadh na fáilte romhainn i gcónaí.

Uaidh sin, tabharfaimid ár n-aghaigh ar Thuaisceart na Tíre. Caithfimid cupla lá i dTír Aoidh (sé sin, an 'barony of Tír Hugh' mar a thugadh na Sacsanaigh air!) i nDeisceart na Condae. Sin áit dhúchais Thomaltaigh. Táim ag súil go mór le tamall a chaitheamh i gcuideachta m'athar (fear mór a' bhocsa ceoil) agus mo mháthar, bean a bhfuil an speís aici i dtaisteal ar fud na condae! Tá sé ar intinn agam caitheamh aimsire a bhíodh ag m'athair athbhunú, sé sin an iascaireacht. Tá an t-uafás aibhneacha agus locha breatha thart fá dheisceart na condae agus ba ghnach le m'athair gabháil ag iascaireacht acu - nós a lig sé i ndearmad nuair a chuaigh sé anonn i mblianta agus go háirithe tar éis bhás uncail liom a raibh dúil aige san iascaireacht fosta.

Más féidir fosta ólfaidh mé cupla pionnta i gcuideachta m'athar - thar rud ar bith eile ba mhaith liom fáil amach, óna chroí féin, goidé mar atá sé ó scoir sé i dtús na bliana seo (tar éis dó beagnach 50 bliain a chaitheamh ag obair).

Fágfaimid Tír Aoidh inár ndiaidh agus rachaimidh níos faide ó thuaidh - caol díreach go barr tíre! Ceann Mhalainne in Inis Eoghain. Níl eolas ná aithne agam ar an taobh sin - taobh amuigh de Shamhradh a chaith mé ag obair i mBun cranacha nuair a bhí mé óg. Is ar Bhaile Lifín a thabharfaimid ár n-aghaidh. Caithimid roinnt laethanta ansin in óstán breá. Ó, mo dhearmad, tá sé ar intinn agam An Grianán Ailigh a fheiceáil ar mo bhealach ó thuaidh - sean-dún a tógadh san Iarannaois agus a deirtear atá thar barr ar fad.

Siar linn tar éis an tamaill sin in Inis Eoghain, siar frí cheartlár na condae - an bealach garbh, sléibhtiúil idir Leitir Ceannainn agus Gaoth Dóbhair. Is ó bhéal cruite do bhean chéile chara liom ó Chondae an Chláir. Cónaí orthu anois i mBAC ach caitheann siad seachtain gach samhradh i dTír Chonaill. Tabharfaimid cuairt orthusan. Súil agam go mbeidh an aimsir measartha maith nó tá an taobh sin tíre go hálainn ar fad. Tránna breatha geala tréigthe i measc na gcnoc cois farrairge.

Ar an bhealach ó dheas caithfimid oíche eile le muintir Thomaltaigh. Sin an tsaoire atá romham i mbliana.